Cuardaigh

Oidhreacht chultúrtha

<p>Áirítear le hOidhreacht Chultúrtha réada seandálaíochta, réada oidhreachta, an Ghaeilge, béaloideas, oidhreacht bhéil agus daonearraí, ginealas, músaeim agus cartlanna, stair áitiúil, oideachas oidhreachta agus logainmneacha.</p>

Oidhreacht Chultúrtha

Áirítear le hOidhreacht Chultúrtha réada seandálaíochta, réada oidhreachta, an Ghaeilge, béaloideas, oidhreacht bhéil agus daonearraí, ginealas, músaeim agus cartlanna, stair áitiúil, oideachas oidhreachta agus logainmneacha. Sainmhíníonn an tAcht Oidhreachta, 1995, Réada Oidhreachta agus réada Seandálaíochta:

Réada Oidhreachta

Réada os cionn 25 bliain d’aois ar saothair ealaíne nó tionscail iad (lena n-áirítear leabhair, doiciméid agus taifid eile, lena n-áirítear taifid ghinealaigh) a bhfuil tábhacht chultúrtha ag baint leo.

Réada Seandálaíochta 

Tugtar cur síos ar réada seandálaíochta mar aon airnéis, bíodh siad i riocht monaraithe nó monaraithe go pointe áirithe nó neamh-mhonaraithe, a bhfuil luach i bhfad níos mó ag baint leis ná a luach intreach (lena n-áirítear luach ealaíonta), mar gheall ar an spéis seandálaíochta a bhaineann leis nó mar gheall ar a bhaint le himeacht nó le duine stairiúil Éireannach, agus san áireamh sa léiriú sin, tá iarsmaí ársa daonna, ainmhithe nó plandaí.

Déan teagmháil lenár nOifigeach Oidhreachta

Luan - Aoine 09:00-17:00

Address

Oifigeach Oidhreachta
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX

Phone numbers

Phone
Mobile