Cuardaigh

Seandálaíocht agus oidhreacht thógtha

<p>Tugann Seandálaí Pobail na Gaillimhe comhairle agus tacaíocht maidir le séadchomharthaí seandálaíochta sa phobal.</p>

 

Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2026

Bunaíodh Ciste na Séadchomharthaí Pobail in 2020 chun infheistíocht a sholáthar in oidhreacht seandálaíochta na hÉireann.

Tugtar tús áite do mhaoiniú d’údaráis áitiúla, d’úinéirí agus do chaomhnóirí príobháideacha agus do ghrúpaí pobail le haghaidh cúram, caomhnú, cothabháil, cosaint agus cur chun cinn séadchomharthaí seandálaíochta.

Is é an maoiniú iomlán a bheidh ar fáil go náisiúnta do thionscadail faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail 2026 ná €7,500,000.

Infheistíonn Ciste na Séadchomharthaí Pobail in oidhreacht seandálaíochta agus cabhraíonn sé le húinéirí agus le caomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iad a chosaint amach anseo ar mhaithe le pobail agus leis an bpobal i gcoitinne.

Tá tionchair an athraithe aeráide ar ár séadchomharthaí ag éirí níos soiléire. Le méadú ar an síonchaitheamh agus ar imeachtaí aeráide anróiteacha, tá an timthriall deisiúcháin ar an oidhreacht thógtha ag éirí níos giorra. Tá cothabháil agus deisiú méadaithe ríthábhachtach chun seasmhacht a thógáil inár séadchomharthaí chun cur ar a gcumas tionchair timpeallachta atá ag athrú a sheasamh.

Bunaidhmeanna an Chiste

Is iad príomhaidhmeanna an Chiste ná séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur i láthair. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas:

oibreacha caomhantais ar shéadchomharthaí a mheastar a bheith suntasach agus a dteastaíonn tacaíocht phráinneach uathu a chumasú

seasmhacht a thógáil inár séadchomharthaí le cur ar a gcumas tionchair an athraithe aeráide a sheasamh rochtain ar shéadchomharthaí a spreagadh agus a gcur i láthair a fheabhsú.

Spreagann an Roinn tionscnóirí tionscadail chun gné oiliúna scileanna traidisiúnta a bheith mar chuid de na tionscadail.

Ciste na Séadchomharthaí Pobail 2026 - Glao ar Thionscadail

Sruthanna 1-3

Tá 3 Shruth ag Ciste na Séadchomharthaí Pobail:

Tairgfidh Sruth 1 deontais suas le €100,000 atá dírithe ar dheisiúcháin riachtanacha agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus a dheisiú

Tairgfidh Sruth 2 deontais suas le €30,000 chun Pleananna/Tuarascálacha Bainistíochta Caomhantais a fhorbairt atá dírithe ar bhearta a aithint chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus rochtain phoiblí a fheabhsú.

Tairgfidh Sruth 3 deontais suas le €30,000 chun bonneagar rochtana agus léirmhíniú (lena n-áirítear fíorúil/ar líne) a fheabhsú ag séadchomharthaí seandálaíochta.

Tionscadail Incháilithe

Cuireann an Ciste Séadchomharthaí Pobail maoiniú ar fáil do thionscadail a bhaineann le:

Séadchomharthaí Seandálaíochta atá san áireamh i dTaifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSÁ) faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 (arna leasú)

Séadchomharthaí Seandálaíochta atá aitheanta sa Taifead Láithreán agus Séadchomharthaí arna thiomsú ag an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta.

Gheofar tionscadail incháilithe as na catagóirí seo a leanas:

tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil a bhaineann le séadchomharthaí seandálaíochta atá faoi úinéireacht phoiblí, i gcás ina bhfuil béim shoiléir oidhreachta agus leas pobail nó poiblí léirithe tionscadail atá molta ag Údarás Áitiúil de bharr iarratas ó iarratasóirí príobháideacha atá ina n-úinéirí nó ina gcaomhnóirí séadchomharthaí seandálaíochta iomchuí i gcás ina bhfuil leas poiblí follasach ann tionscadail a bhfuil béim oidhreachta sainithe go soiléir acu agus a bhfuil leas pobail nó poiblí acu, atá molta go díreach don Roinn ag eagraíocht Státmhaoinithe atá ag obair in earnáil na hoidhreachta.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ní mór iarratais ó úinéirí talún, coimeádaithe talún agus grúpaí pobail laistigh de Chontae na Gaillimhe a chomhlánú agus a sheoladh ar aghaidh i bhFormáid Word chuig heritage@galwaycoco.ie, Líne Ábhair CMF2026 (+Ainm an Tionscadail) faoin 30 Eanáir 2026. Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis an dáta seo.

Tuilleadh Eolais

Le haghaidh tuilleadh comhairle maidir le hiarratais i gContae na Gaillimhe, déan teagmháil le

Bernie Doherty, Seandálaí Pobail na Gaillimhe g.c.archaeology@gmail.com 086 1003888

Marie Mannion, Oifigeach Oidhreachta Chontae na Gaillimhe mmannion@galwaycoco.ie 087 9088373

Ann Marie Cusack, Oifigeach Caomhnaithe Ailtireachta amcusack@galwaycoco.ie 091 378924

Tionscadail atá Maoinithe ag Séadchomharthaí Pobail i gContae na Gaillimhe

Tá naisc a thaispeánann tionscadail rathúla laistigh de Chontae na Gaillimhe ó bhlianta roimhe seo ar fáil thíos

https://field-monuments.galwaycommunityheritage.org/content/category/community-archaeology/community-monuments-fund-2020

https://field-monuments.galwaycommunityheritage.org/content/category/community-archaeology/cmf21-galway-county

https://field-monuments.galwaycommunityheritage.org/content/category/community-archaeology/community-monuments-fund-2022

https://field-monuments.galwaycommunityheritage.org/content/category/community-archaeology/community-monuments-fund-2023

https://field-monuments.galwaycommunityheritage.org/content/category/community-archaeology/community-monuments-fund-2024

Seandálaí Pobail

Tugann Seandálaí Pobail na Gaillimhe comhairle agus tacaíocht maidir le séadchomharthaí seandálaíochta sa phobal. Tá sí ar fáil chun do cheisteanna a fhreagairt maidir le cothabháil, caomhnú, oideachas agus cur chun cinn ár raon éagsúil seandálaíochta a shíneann thar deich míle bliain. Tá sí ar fáil anois chun dul i gcomhairle le hoideoirí, grúpaí pobail, feirmeoirí, daoine aonair agus caomhnóirí oidhreacht seandálaíochta na Gaillimhe.

Teagmháil: Bernadette Doherty, Cartha, An Ballán, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe

Fón Póca: 086 100 3888

Láithreán Gréasáin: https://field-monuments.galwaycommunityheritage.org/ 

Ríomhphost: g.c.archaeology@gmail.com

Facebook: Seandálaíocht Phobail na Gaillimhe

Seandálaí Pobail na Gaillimhe

Áirítear sa chuid seo séadchomharthaí, réada seandálaíochta, báid bhriste, oidhreacht ailtireachta, gairdíní agus páirceanna oidhreachta, réada oidhreachta agus bealaí uisce intíre.

Seandálaíocht: Sainmhíniú

Is í an tseandálaíocht staidéar ar shochaithe agus ar chultúir san am atá thart trí mheasúnú a dhéanamh ar na hiarsmaí ábhartha agus fianaise ar a dtimpeallacht a d’fhág siad. Le seandálaíocht, déantar imscrúdú ar a dtithe, a lonnaíochtaí agus a dtuamaí agus a n-uirlisí laethúla. Féachann seandálaíocht le tuiscint a fháil ar an tírdhreach, an fásra agus an aeráid sna hamanna roimhe seo mar a chuaigh siad i bhfeidhm ar dhaoine san am atá thart agus mar a chuaigh na daoine sin i bhfeidhm orthu.

Séadchomhartha

Áirítear leis seo a leanas, bíodh sé os cionn nó faoi dhromchla na talún nó an uisce agus bíodh sé ceangailte leis an talamh nó ná bíodh:

  • aon fhoirgneamh, struchtúr nó tógáil shaorga nó saorga go pointe áirithe nó grúpa foirgneamh, struchtúr nó tógálacha den sórt sin,
  • aon uaimh, cloch nó táirge nádúrtha eile, bíodh sé ina chuid den talamh nó ná bíodh, atá snoite, dealbhaithe nó oibrithe go saorga nó a bhfuil cuma air (i gcás nach cuid den áit ina bhfuil sé) gur cuireadh nó gur socraíodh é d’aon ghnó ina áit,
  • aon tuama, uaigh nó taisce adhlactha réamhstairiúil nó ársa, nó
    suíomh deasghnátha, tionsclaíoch, nó aon chuid d’aon suíomh, agus
  • aon áit ina bhfuil iarsmaí nó rianta aon fhoirgnimh, struchtúir nó tógála den sórt sin, aon uaimh, cloch nó táirge nádúrtha den sórt sin nó aon tuama, uaigh, taisce adhlactha nó suíomh deasghnátha, tionsclaíoch nó cónaithe den sórt sin, atá suite ar thalamh nó in uiscí teorann an Stáit, ach ní chlúdaíonn sé aon fhoirgneamh, ná cuid d’aon fhoirgneamh, a úsáidtear de ghnáth chun críocha eaglasta.

Bád briste

Soitheach, nó cuid de shoitheach, atá briste ar ghrinneall na farraige, ar nó faoi, nó ar thalamh atá clúdaithe le huisce, agus aon réada atá sa soitheach nó air, agus aon réad a bhí roimhe seo i soitheach nó air agus atá ina luí ar ghrinneall na farraige, nó faoi, ghrinneall na farraige nó ar thalamh atá clúdaithe le huisce.

Oidhreacht Ailtireachta

Gach struchtúr, foirgneamh, traidisiúnta agus deartha, agus grúpaí foirgneamh lena n-áirítear sráid-dreacha agus tírdhreacha uirbeacha, atá spéisiúil ó thaobh staire, seandálaíochta, ealaíonta, innealtóireachta, eolaíochta, sóisialta nó teicneolaíochta de, mar aon lena suíomhanna, a dtailte gaolmhara, a ndaingneáin, a bhfearais agus a n-inneachair, agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, lena n-áirítear iarnróid agus foirgnimh agus struchtúir ghaolmhara agus aon áit ina bhfuil iarsmaí nó rianta aon iarnróid, foirgnimh nó struchtúir den sórt sin.

Gairdíní agus Páirceanna Oidhreachta

Limistéir oidhreachta nádúrtha, agus gairdíní agus páirceanna a bhfuil spéis shuntasach eolaíochta, luibheolaíochta, aeistéitiúil nó stairiúil ina mbailiúcháin plandaí, ina ndearadh, ina ngnéithe dearaidh, ina bhfoirgnimh, ina suíomh, ina stíl nó ina gceangal nó a léiríonn gné éigin d’fhorbairt na garraíodóireachta nó de ghairdíní agus de pháirceanna.

Uiscebhealaí Intíre

Canálacha, codanna canálaithe d’aibhneacha agus de lochanna, bealaí loingseoireachta in aibhneacha agus i lochanna, agus a ngnéithe loingseoireachta gaolmhara.

Déan teagmháil lenár nOifigeach Oidhreachta

Luan - Aoine 09:00-17:00

Address

Oifigeach Oidhreachta
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX

Phone numbers

Fón
Mobile