Mar chuid de chur i bhfeidhm níos leithne Straitéis Athnuachana Bhaile Locha Riach, tá €3.6 milliún i maoiniú faighte ag an bhFoireann Athnuachana tríd an gCiste um Athnuachan agus Forbairt Tuaithe chun Halla Bhaile Locha Riach a athchóiriú agus chun athearraíocht a bhaint as. Déanfaidh an tionscadal seo an foirgneamh stairiúil i gcroílár an bhaile a athchóiriú agus é a athrú ina mhol fiontar pobail nua-aimseartha agus ina spás feidhmíochta ilchuspóireach.
Is gné lárnach d’iarrachtaí athnuachana Bhaile Locha Riach an infheistíocht seo, ag tacú le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta inbhuanaithe agus ag caomhnú oidhreacht ailtireachta an bhaile ag an am céanna.