COMHAIRLE CHONTAE NA GAILLIMHE
GALWAY COUNTY COUNCIL
Fógra faoi Athrú Uimh. 1 a dhéanamh ar
Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001, arna leasú
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta), 2004
Tugtar fógra leis seo, de bhun Alt 13 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) go bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe, arb í Údarás Pleanála Chontae na Gaillimhe í, ag cruinniú Dé Luain an 16 Feabhra 2026, tar éis Athrú (Uimh. 1) a dhéanamh ar Phlean Forbartha Contae Chontae na Gaillimhe 2022-2028 i ndáil leis an méid a leanas:
Cuid A: Athbhreithniú agus uasdátú ar an Straitéis Tithíochta agus ar an Measúnú ar Éileamh agus Riachtanas Tithíochta atá i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe cheana féin, mar aon le huasdátú gaolmhar ar an bPlean Forbartha Contae.
Cuid B: Uasdátú ar Chuspóirí Beartais agus ar reacaireacht atá sa Phlean Forbartha Contae cheana féin a leagfaidh béim athnuaite ar thailte Cónaithe Chéim 2 sa Chontae.
Cuid C: Ceartú ar earráid i Léarscáil Chriosaithe Úsáid Talún d’Órán Mór.
Tá Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028, mar aon leis an Athrú agus na tuarascálacha scagthástála um an SEA (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) agus um an AA (Measúnacht Chuí), ar fáil lena n-iniúchadh ar líne ag:
agus ag na háiteanna seo a leanas
- An Oifig Pleanála, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh;
- Oifigí Ceantair sa Chlochán, ar an gCeathrú Rua, i mBaile Átha an Rí, i dTuaim, i mBéal Átha na Sluaighe agus i mBaile Locha Riach.
Sínithe:
Liam Hanrahan, Stiúrthóir Seirbhísí, Forbairt agus Pleanáil Eacnamaíochta