Cad is Forbairt Neamhúdaraithe ann?
Tarlaíonn forbairt neamhúdaraithe sna cásanna seo a leanas:
- Rinneadh oibreacha a dteastaíonn cead pleanála uathu ach níl cead pleanála faighte, nó
- Tugadh cead, ach níl an obair déanta de réir na bpleananna nó na gcoinníollacha ceadaithe, nó
- Ní chomhlíonann an fhorbairt na ceanglais a bhaineann le forbairt dhíolmhaithe.
Tabhair faoi Deara: Is cúrsaí sibhialta iad saincheisteanna amhail úinéireacht talún, easaontais maidir le ceart slí nó le teorainneacha agus ní phléann forfheidhmiú pleanála leo.
Conas Forbairt Neamhúdaraithe a Thuairisciú?
Chun gearán a dhéanamh:
- Líon isteach agus sínigh an Fhoirm um Ghearáin maidir le Forbairtí a dhéanamh
- Seol an fhoirm tríd an phost nó trí ríomhphost chuig an Rannóg um Fhorfheidhmiú Pleanála.
- Cuir an oiread sonraí agus is féidir san áireamh:
- Cur síos ar an gceist
- Suíomh (marcáilte ar léarscáil más féidir, comhordanáidí, nó Éirchód san áireamh)
- Ainm agus seoladh úinéir na talún nó an duine atá freagrach as oibreacha neamhúdaraithe.
Ní mór gearáin a bheith i scríbhinn agus sínithe.
Forfheidhmiú Pleanála
Luan - Aoine 09:00-16:00
Address
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
H91 H6KX
Email and urls
Phone numbers
Phone