Cuardaigh

Teachtaireacht phoiblí maidir leis an ngníomhaíocht stailce atá beartaithe Dé Céadaoin, an 14 Deireadh Fómhair 2026

Is mian le Comhairle Chontae na Gaillimhe a chur in iúl don phobal go mbeidh tionchar ag an ngníomhaíocht stailce atá beartaithe don Chéadaoin, an 14 Deireadh Fómhair 2026, ar ár seirbhísí.

Beidh roinnt foirgneamh de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe, lena n-áirítear leabharlanna, dúnta don phobal Dé Céadaoin, an 14 Deireadh Fómhair, agus d’fhéadfadh seirbhísí eile feidhmiú ar acmhainn laghdaithe.

Beidh socruithe teagmhasacha i bhfeidhm againn chun tacú le leanúint de sholáthar seirbhísí riachtanacha. Mar sin féin, ba cheart a bheith ag súil le moilleanna agus le hathruithe ar na gnáthshocruithe seirbhíse.

Ní bheidh tionchar ag an ngníomhaíocht thionsclaíoch seo ar na seirbhísí dóiteáin ná ar na seirbhísí éigeandála do dhaoine gan dídean.

Maidir leis na seirbhísí dóiteáin, déan teagmháil le 112 nó 999.

Maidir le seirbhísí éigeandála do dhaoine gan dídean, déan teagmháil le 091-509203 nó seol ríomhphost chuig homeless@galwaycoco.ie le linn uaireanta oifige.

D’iarratais phráinneacha maidir le cúrsaí Bonneagair agus Oibríochtaí amháin, déan teagmháil le 091-509309 nó seol ríomhphost chuig roads@galwaycoco.ie.

Gabhaimid ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a d’fhéadfadh an ghníomhaíocht thionsclaíoch a chruthú agus gabhaimid buíochas libh as bhur dtuiscint.