Fáiltíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe, ar son An gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC), roimh iarratais ar mhaoiniú ó ghrúpaí pobail agus saoráidí pobail laistigh de cheantar riaracháin Chontae na Gaillimhe faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil 2026. Tá an Clár Feabhsúcháin Áitiúil mao- inithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riar ag na Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC) i ngach ceantar Údaráis Áitiúil.
Riarfaidh Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Chontae na Gaillimhe maoiniú caipitiúil suas le €213,600 chun tacú le grúpaí deisiúcháin agus feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh ar a n-áiseanna, agus trealamh a cheannach le haghaidh úsáid an phobail.
Ba cheart d’iarratasóirí cur isteach ar ár gcóras deontas ar líne ag https://galwaycoco.submit.com/
Is é an dáta deiridh le haghaidh fáil iarratais iomlána ná 12 meán lae Dé Luain 23 Feabhra 2026.
Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun na Treoirlínte ar scéim na bliana seo a fheiceáil, tabhair cuairt ar ár leathanach gréasáin: An Clár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP)
Tá an Clár Feabhsucháin Áitiúil maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
The Local Enhancement Programme is funded by the Department of Rural and Community Development & the Gaeltacht.