Cuardaigh

Healthmatic Ltd Ceaptha chun Áis Nua Changing Places a Sholáthar i bPort Omna

Tá Healthmatic Ltd ceaptha chun áis Changing Places, a bheidh feistithe go hiomlán, a shuiteáil i bPort Omna, le maoiniú faoi Chlár CLÁR 2025 (Tag: C125G09). Beidh an áis nua suite taobh leis na leithris phoiblí atá ann cheana féin, agus táthar ag súil go mbeidh an tionscadal curtha i gcrích laistigh de na sé mhí amach romhainn.

I gcomhréir le Treoirlínte an Údaráis Náisiúnta Míchumais, cuirfidh an áis Changing Places níos mó ar fáil ná gnáthleithreas inrochtana. Cuirfidh sí spás breise agus saintrealamh ar fáil atá deartha chun freastal ar riachtanais daoine a bhfuil riachtanais chúraim chasta acu, rud a thacóidh le dínit agus neamhspleáchas níos fearr agus le rannpháirtíocht níos iomláine sa ghnáthshaol agus i saol an phobail.

Áireofar sa spás inrochtana ardaitheoir rianaithe síleála a chlúdóidh an seomra iomlán, binse athraithe d'aosaigh ar féidir a airde a choigeartú, agus leithreas suite go lárnach, agus dóthain spáis ann chun go mbeidh cúramóirí nó cúntóirí in ann tacaíocht a thabhairt. D'fhéadfadh an áis dul chun tairbhe do roinnt daoine néara-éagsúla freisin, go háirithe dóibh siúd a bhféadfadh spás breise agus níos lú torainn a bheith ina chabhair dóibh.

Nuair a bheidh sí curtha i gcrích, cuirfidh an áis Changing Places ar chumas níos mó daoine faoi mhíchumas, a dteaghlaigh agus a gcúramóirí cuairt a thabhairt ar Phort Omna agus taitneamh a bhaint as an mbaile le níos mó muiníne, agus iad ar an eolas go bhfuil áiseanna oiriúnacha agus inrochtana ar fáil.