Cuardaigh

Léiriú Spéise - Ionad Tacíochta Pobail

Leanann an tionscnamh seo de bharr  an méid a tharla le linn  Stoirm Éowyn i mí Eanáir 2025, nuair a bhí buntáistí na n-ionad sin le brath go géar ar fud Chontae na Gaillimhe agus pobail ag tabhairt aghaidh ar an gcur isteach forleathan a bhain le seirbhisí.

Tá na hionaid deartha chun timpeallacht shábháilte agus tacúil a sholáthar do chónaitheoirí a raibh tionchar ag drochaimsir orthu, ag tairiscint rochtain chuig seirbhísí riachtanacha cosúil  le uisce agus bia te, luchtú fón agus leathanbhanda, chomh maith le áiseanna leithris.

Iarrtar ar ghrúpaí nó ar oibreoirí áiseanna atá sásta cabhrú ina leith an Fhoirm Léirithe Spéise a chomhlánú trí https://forms.office.com/e/Lrk5J59vb3.

Tá breis eolais ar fáil ó Theresa O’Donohue agus Kieran Coyne san Rannóg Forbartha Pobail i gComhairle Chontae na Gaillimhe ag 091 509225.