Cuardaigh

Scaoileadh sonraí feithicle

Sonraí faoi ghníomhaireachtaí a d'fhéadfadh rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta.

Chun ár ndualgais dhlíthiúla agus riaracháin a chomhlíonadh i leith Mótarchánach thar ceann na Roinne Iompair, teastaíonn roinnt faisnéise pearsanta cliant ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe. 

I gcomhréir leis an dlí, féadfaidh na gníomhaireachtaí seo a leanas rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta:

  • An Garda Síochána
  • Gníomhaireachtaí stáit a bhfuil baint acu le himscrúduithe coiriúla nó sibhialta
  • Dlíodóirí atá ag gníomhú i gcúrsaí dlí, imscrúduithe timpistí tráchta san áireamh
  • Údaráis áitiúla, chun críocha éagsúla amhail imscrúduithe coiriúla nó sibhialta agus forfheidhmiú fíneálacha (e.g. caitheamh bruscair)

Tá soláthar sonraí do thríú páirtithe eile clúdaithe ag Rialacháin agus ní mór aon iarratas ar shonraí a dhéanamh faoi agus i gcomhréir leis na  Rialacháin seo a leanas:

  • Is féidir iarratais chuig údaráis cheadúnaithe ar  shonraí feithicle a dhéanamh faoi I.R. Uimh.277/1994 - Na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú).