Cuardaigh

A dhearbhú go bhfuil feithicil bainte den bhóthar

Conas a dhearbhú go bhfuil feithicil bainte den bhóthar agus na doiciméid a bheidh ag teastáil.

A Dhearbhú go bhfuil Feithicil Bainte den Bhóthar

Mura mbeidh d'fheithicil á úsáid agus mura gcoinneofar in áit phoiblí í, is féidir a dhearbhú go bhfuil sí bainte den bhóthar.

Is féidir é sin a dhéanamh:

Pointí Tábhachtacha le Tabhairt faoi Deara:

  • Ní mór an dearbhú seo a dhéanamh roimh ré.
  • Ní mór íostréimhse de 3 mhí agus uastréimhse de 12 mhí a bheith i gceist leis an tréimhse bainte den bhóthar.
  • Ní mór míonna féilire iomlána a bheith i gceist leis an dearbhú (e.g. ón gcéad lá den mhí go dtí an lá deireanach den mhí).
  • Ní mór duit an dearbhú a dhéanamh sa mhí ina dtéann do mhótarcháin reatha in éag.

Mura bhfuil cáin ar d'fheithicil faoi láthair:

  • Ní mór duit aon riaráistí a íoc agus cáin a chur ar an bhfeithicil ar feadh 3 mhí ar a laghad sula ndeimhníonn tú go bhfuil an fheithicil bainte den bhóthar.

Má cheannaíonn tú feithicil nua nó athláimhe ach níl sé ar intinn agat an fheithicil sin a úsáid láithreach:

  • Ní mór duit a dhearbhú go bhfuil an fheithicil sin bainte den bhóthar laistigh de 21 lá ón gceannachán nó an dáta clárúcháin.