Má chuir tú cáin ar d'fheithicil ar líne agus mura bhfuil do cheadúnas feithicle (diosca mótarchánach) tagtha go fóill, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Iompair ar dtús:
📞 Teil: 0818 411 412
📧 Ríomhphost: Motortax@transport.gov.ie
Má sheol tú d'iarratas ar mhótarcháin chuig Oifig Mótarchánach na Gaillimhe tríd an bpost agus mura bhfuil do cheadúnas feithicle (diosca mótarchánach) tagtha go fóill, déan teagmháil le:
📞 Teil: 091 509099
📧 Ríomhphost: motortax@galwaycoco.ie
Má dheimhnítear gur próiseáladh agus gur seoladh do cheadúnas feithicle (diosca mótarchánach) ach nár fuair tú é, is féidir iarratas a dhéanamh ar cheann eile ach an Fhoirm RF134 a líonadh
<drupal-media data-entity-type="media" data-entity-uuid="8d56dc9c-5903-496b-8c3d-571e1521c124"> </drupal-media>
Tabhair faoi deara:
- Ní mór do dhuine den Gharda Síochána an fhoirm a shíniú agus stampa a chur uirthi.
- Ba chur an fhoirm a chur isteach chuig Oifig Mótarchánach na Gaillimhe ansin lena próiseáil.
Má fhaightear an RF134 laistigh de 30 lá oibre ón dáta eisiúna bunaidh, ní bhíonn aon táille i gceist leis an diosca nua.
Beidh táille €6.00 i gceist leis na hiarratais ar dhiosca nua a gheofar tar éis na tréimhse sin.
