Nuair a dhíolann tú do charr, nó nuair a thrádálann tú isteach do charr, ní mór duit an Roinn Iompair a chur ar an eolas maidir le sonraí úinéireachta na feithicle. Mura gcoinníonn tú an Roinn ar an eolas, beidh tú freagrach as aon táillí, lena n-áirítear mótarcháin, táillí dola, agus fíneálacha.
Feithiclí a cláraíodh tar éis 1993
Leis an tseirbhís ar líne seo, is féidir aistriú úinéireachta feithicle a dhéanamh i bhfíor-am idir úinéirí feithiclí príobháideacha agus ligeann sé duit sonraí tábhachtacha feithicle a sheiceáil sula nglacann tú úinéireacht.
Mar mhalairt air sin, comhlánaigh agus sínigh cúl Dheimhniú Clárúcháin na Feithicle leis an gceannaitheoir. Seol an deimhniú chuig Rannán na Seirbhísí Ríomhaireachta Tiománaithe agus Feithiclí i Sionainn, Co. an Chláir. Seolfar Deimhniú Clárúcháin Feithicle nua chuig an úinéir nua i gceann seachtaine nó mar sin.
- Díol/Trádáil Isteach le Déileálaí: Comhlánaigh an Fhoirm RF105 leis an ndéileálaí agus tabhair Deimhniú Clárúcháin d'Fheithicle dóibh. Más féidir leis an ndéileálaí an t-athrú a chur in iúl ar líne, ní gá duit rud ar bith eile a dhéanamh. Murar féidir leo, seol an Fhoirm RF105 chuig Rannán na Seirbhísí Ríomhaireachta Tiománaithe agus Feithiclí i Sionainn, Co. an Chláir.
Feithiclí a cláraíodh roimh 1993
- Díol/Trádáil Isteach le Déileálaí: Tabhair Turasleabhar na feithicle don déileálaí agus seol an Fhoirm RF200 chuig an Oifig Mótarchánach.
- Díol Príobháideach: Seol an Fhoirm chomhlánaithe RF105 um Athrú Úinéireachta agus Turasleabhar na feithicle chuig an Oifig Mótarchánach.
*Ná déan dearmad, gur tusa atá freagrach as na foirmeacha a sheoladh. Ná tabhair Deimhniú Clárúcháin na Feithicle don úinéir nua mar beidh tú fós freagrach as an bhfeithicil.