-
Tá an Seomra Céadfach i Leabharlann an Taoibh Thiar ar fáil do dhaoine aonair, do ghrúpaí áitiúla agus d’eagraíochtaí lena úsáid go dleathach ag an bpobal ar bhonn cothrom.
-
Is é cuspóir an tseomra timpeallacht shábháilte, neamhbhagrach a sholáthar chun daoine a mhaolú nó a spreagadh trí gach ceann de na céadfaí.
-
Tá úsáid an tseomra go hiomlán saor in aisce do bhaill chláraithe na leabharlainne. Mar sin féin, ní mór an seomra a chur in áirithe roimh ré.
Is féidir áirithint a dhéanamh ag an deasc leabharlainne, trí ghlaoch a chur ar 091 509 091 nó ríomhphost a sheoladh chuig westside@galwaycoco.ie
-
Ní féidir áirithintí a dhéanamh ach le cuntas leabharlainne do dhaoine fásta agus ní mór d’úsáideoirí faoi bhun 18 mbliana d’aois a bheith in éineacht le duine fásta. Mura bhfuil tú i do bhall den leabharlann cheana féin, tá ballraíocht saor in aisce, ach teastaíonn cruthúnas aitheantais agus seolta uainn chun cuntas a bhunú.
-
Tá daoine fásta/cúramóirí freagrach i gcónaí as monatóireacht ghníomhach a dhéanamh ar a ndaoine óga nó a ndaoine fásta atá ag úsáid na saoráidí. Ní mór do gach cúramóir a dhéanann áirithint le heagraíocht grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a bheith acu.
-
Ní mór don duine fásta nó don chúramóir foirm áirithinte seomra céadfach/foirm bheartais úsáideora a líonadh isteach ag an gcéad seisiún. Maireann na seisiúin 30 nóiméad agus glactar le huasmhéid de 3 dhuine in aghaidh an tseisiúin.