Cad é Mo Leabharlann Oscailte?
Is seirbhís í Mo Leabharlann Oscailte (MOL) ina dtugann leabharlanna poiblí uaireanta oscailte sínte, le meascán d’uaireanta féinseirbhíse le foireann agus gan fhoireann.
Le linn uaireanta gan fhoireann, is féidir le baill atá cláraithe agus ionduchtaithe mar bhaill MOL rochtain a fháil ar an leabharlann ó 8.00 am go 10.00 pm gach lá, lena n-áirítear ag an deireadh seachtaine. I measc na seirbhísí atá ar fáil le linn uaireanta gan fhoireann tá:
- leabhair a thabhairt ar ais agus a fháil ar iasacht
- míreanna atá curtha in áirithe a bhailiú
- ríomhairí poiblí
- wi-fi
- priontáil
- fotachóipeáil
- scanadh
- spásanna staidéir
Faoi láthair tá Mo Leabharlann Oscailte ar fáil i leabharlanna Bhéal Átha na Sluaighe agus an Chlocháin.
Cláraigh le haghaidh Mo Leabharlann Oscailte
Chun leas a bhaint as MOL ní mór duit foirm iarratais a líonadh agus freastal ar ionduchtú pearsanta i do leabharlann roghnaithe (Béal Átha na Sluaighe nó an Clochán). Maireann an ionduchtú thart ar 15-20 nóiméad agus léireofar na féinseirbhísí atá ar fáil le linn uaireanta gan fhoireann, agus na nósanna imeachta sábháilteachta atá i bhfeidhm. Tá ballraíocht MOL ar fáil do bhaill atá 16 bliana d'aois agus os a chionn. Ní mór do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí a bheith i láthair chun baill atá 16 agus 17 mbliana d’aois a chlárú. Téigh i dteagmháil le Leabharlann Bhéal Átha na Sluaighe nó an Chlocháin chun tuilleadh eolais a fháil.