Cuardaigh

Pobail Fuinnimh Inmharthana

<p>Tacaíonn clár na bPobal Fuinnimh Inmharthana (PFI) le pobail leis an aistriú chuig sochaí ísealcharbóin.</p>

Cad is pobal fuinnimh inmharthana ann?

Is é atá i gceist le ‘Pobal Fuinnimh Inmharthana’ (PFI) ná pobal ina n-oibríonn gach duine le chéile chun córas fuinnimh inbhuanaithe a thógáil ar mhaithe lena bpobal. Chun é sin a dhéanamh, bíonn sé mar aidhm acu a bheith tíosach ar fhuinneamh, fuinneamh in-athnuaite a úsáid nuair is féidir agus córais fuinnimh díláraithe a fhorbairt. Is féidir leis na húsáideoirí fuinnimh éagsúla go léir sa phobal a bheith i gceist leis an PFI, lena n-áirítear tithe, clubanna spóirt, ionaid pobail, séipéil agus gnóthaí.

Mar chuid den chlár, oibríonn Comhairle Chontae na Gaillimhe le meantóirí SEAI chun tacú le cur i gcrích Máistirphleananna Fuinnimh (MPF) ar leibhéal an phobail. 

Cén fáth ar cheart do phobal a bheith ina Phobal Fuinnimh Inmharthana? 

  • Coigilteas Airgeadais agus Fuinnimh a bhaint amach
  • Feabhas a chur ar fholláine an phobail mar gheall ar an gcompord feabhsaithe a bhíonn mar thoradh ar fhoirgnimh atá níos tíosaí ar fhuinneamh
  • Borradh a chur faoi fhostaíocht áitiúil
  • Tógáil pobail a chur chun cinn trí leas a bhaint as cur chuige comhpháirtíochta
  • Acmhainneacht a fhorbairt agus maoiniú a ghiaráil
  • Cur le spriocanna náisiúnta um laghdú fuinnimh

PFInna i gContae na Gaillimhe

Faoi láthair, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tacú le 12 PFI tríd an Meabhrán Tuisceana (MT) le SEAI. Go dtí seo, tá €200,000 geallta againn sna pobail fuinnimh inmharthana seo a leanas tríd an MT.

  • Baile Átha an Rí
  • Béal Átha na Sluaighe
  • Clifden Glen
  • An Dún Thoir
  • Dún Mór
  • Líonra Rannpháirtíochta Pobail Chontae na Gaillimhe
  • Áth Cinn
  • Cill Cholgáin Droichead an Chláirín
  • Cinn Mhara
  • Baile an Mhuilinn
  • An Spidéal
  • An Líonán.

Clarinbridge SEC Launch