Ó Dé Luain an 24 Feabhra, 2025, go dtí Dé hAoine an 7 Márta, 2025, bhí Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe mar óstaigh ar Rig Iarfheistithe Mount Lucas, ar aonad oiliúna soghluaiste dea-fheistithe NZEB (Foirgneamh Nach Mór Neodrach ó Thaobh Fuinnimh de) é a thugann oiliúint ar uasghráduithe fuinnimh agus iarfheistithe do phobail ar fud na hÉireann.
Photo: Rige Iarfheistithe Léirithe i mBéal Átha na Sluaighe. Aitheantas: Aengus McMahon.
Bhí an rige soghluaiste, a d’fhorbair Bord Oideachais agus Oiliúna Laoise agus Uíbh Fhailí agus Campas Oiliúna Náisiúnta Foirgníochta ag Mount Lucas, bunaithe i Seantalamh, Béal Átha na Sluaighe agus Cathair na Gaillimhe ar feadh thréimhse 3 seachtaine. Cuireadh réimse seisiún oiliúna idir fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil ar fáil ón rige soghluaiste, lena n-áirítear Oiliúint Bhunúsach Feasachta NZEB agus an Clár Iarfheistithe do Theaghlaigh.
Photo: Cúrsa Bunúsach NZEB ar siúl le hOiliúnóir Cathal Bermingham in Béal Átha na Sluaighe. Aitheantas: Aengus McMahon
Thug an t-aonad oiliúna soghluaiste deis iontach do scoláirí, oibrithe foirgníochta, grúpaí pobail agus daoine aonair chun tuilleadh eolais a fháil faoi iarfheistiú agus páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna NZEB gar dá mbaile dúchais. Tugann painéil ghréine fótavoltachais cumhacht don aonad agus áirítear leis teaschaidéil agus córas aerála atá ag obair, rud a fhágann gur aonad go hiomlán neamhspleách é atá ina shárthaispeántas do theicneolaíochtaí iarfheistithe.
|
|
|