Cuardaigh

An Feachtas Cosain Ár nDumhcha

<p>Is tionscadal comhpháirtíochta é an feachtas Cosain Ár nDumhcha atá faoi stiúir na CAROnna agus a fhaigheann tacaíocht ó ghrúpa iontach daoine ó eagraíochtaí éagsúla a thugann leo saineolas maidir le caomhnú dumhcha, rannpháirtíocht sa phobal agus cúrsaí cumarsáide.</p>

Cad atá i gceist leis an bhFeachtas ‘Cosain Ár nDumhcha’?

Tá damáiste dár ndumhcha le feiceáil ar fud an chósta agus tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas feasachta pobail ‘Cosain Ár nDumhcha’ béim a chur ar thábhacht agus ar leochaileacht na gcosaintí cósta nádúrtha agus na ngnáthóg tábhachtach sin.

Cuireann dumhcha cosaint nádúrtha cósta ar fáil i gcoinne borradh stoirme agus tonnta arda agus cabhraíonn siad le tuilte cósta agus damáiste struchtúrach do mhaoin taobh thiar díobh a chosc nó a laghdú. Chomh maith leis sin, tá an éagsúlacht a bhaineann le cruthanna na ndumhcha oiriúnach d’fhás plandaí agus ainmhithe, ag cruthú gnáthóga a bhfuil meas idirnáisiúnta ag baint leo mar Limistéir Caomhantais Speisialta (LCS). Is áit chónaithe iad na dumhcha do phlandaí bláthanna, laghairteanna, buafa agus éin a bhíonn ag neadú ar an talamh. Tá ról tábhachtach ag caomhnú agus neartú cosaintí nádúrtha cósta, amhail córais dumhcha, maidir lenár seasmhacht chósta a mhéadú i leith thionchair an athraithe aeráide.

I mbliana, tá sé mar aidhm ag an bhFeachtas Cosain Ár nDumhcha daoine a chumhachtú chun cabhrú le córais dumhcha a chosaint trí aird a tharraingt ar na nithe seo a leanas:

  • Feasacht ar chórais dumhcha agus a mbithéagsúlacht.
  • Feasacht ar ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dár ndumhcha lena n-áirítear;
    • A bheith ag satailt ar dhumhcha, ag sleamhnú síos aghaidh na ndumhcha, campáil fhiáin, tinte campa agus madraí ag fánaíocht.
  • Gníomhartha simplí is féidir linn a dhéanamh chun iad a cosaint;
    • Fanacht amach ó na dumhcha, ag fanacht ar na cosáin ainmnithe agus ar an trá.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an bhfeachtas ‘Cosain Ár nDumhcha’, téigh chuig na naisc seo a leanas.

Tránna agus Dumhcha - Ar Mhaithe le Gníomhú ar son na hAeráide

Dumhcha- Tugann Siad Cosaint Dúinn, Cosnaímid Iad - CARO

Sand Dunes Image