Cuardaigh

Beartais maidir le Gníomhú ar son na hAeráide

<p>Beartas agus reachtaíocht a bhaineann leis an athrú aeráide.</p>

Beartais agus Reachtaíocht

Tá an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 - 2029 bunaithe ar bheartais agus gealltanais ag leibhéil éagsúla.

Idirnáisiúnta: Tugann Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna) spriocanna uileghabhálacha do ghníomhartha aeráide.

An tAontas Eorpach: Leagann Creat Aeráide agus Fuinnimh an AE agus Straitéis Oiriúnaithe an AE spriocanna aeráide ar leith do bhallstáit.

Náisiúnta: Leagann Acht na hÉireann um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021 spriocanna ina gceangal de réir dlí, lena n-áirítear laghdú 51% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 (i gcomparáid le leibhéil 2019) agus neodracht ó thaobh carbóin de faoi 2050. 

Áitiúil: Leagtar amach i bPlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022 go 2028 an straitéis fhoriomlán do phleanáil chuí agus d’fhorbairt inbhuanaithe an Chontae thar thréimhse 6 bliana.

Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe



SDG Wheel

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair chun na SFInna a chur chun cinn, trí na SFInna a ionchorprú inár bpleananna agus inár mbeartais, trí rannpháirtíocht i gcomhpháirtíochtaí áitiúla agus idirnáisiúnta agus trí imeachtaí oiliúna agus faisnéise a sholáthar go hinmheánach agus go seachtrach.

Ghlac Ballstáit na Náisiún Aontaithe Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe in 2015. Tá 17 SFI i gcroílár an Chláir Oibre. Tá sé mar aidhm ag na spriocanna seo "deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an pláinéad a chosaint agus saol agus ionchais gach duine a fheabhsú, i ngach áit.” Tá 169 sprioc sna SFInna atá le baint amach faoi 2030. 

Rinneadh na gníomhartha sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a ailíniú leis na SFInna chun an leas is mó a bhaint as na comhthairbhí lena n-áirítear buntáistí do shlí bheatha, fás eacnamaíoch, cothromas inscne agus sláinte agus folláine.

Tá tuilleadh eolais maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar fáil ar Shuíomh Gréasáin na Náisiún Aontaithe.