Cuardaigh

Teicstílí

<p>Conas dramhaíl teicstíle a bhainistiú agus a laghdú</p>

Is í an tionscal teicstíle an dara tionscal is mó a chuireann le truailliú domhanda.   Ar fud an domhain meastar go dtéann lán leoraí teicstílí chuig líonadh talún nó loiscthe gach soicind agus nach n-athchúrsáiltear ach níos lú ná 1% den ábhar a úsáidtear chun éadaí a tháirgeadh i dtáirgí nua.   Tá Éire ag teacht leis an treocht dhomhanda ina bhfuil níos mó teicstílí á gcaitheamh in aghaidh an duine in aghaidh na bliana ná riamh roimhe.   Níl an treocht seo inbhuanaithe, agus is fiú na roghanna malartacha a mheas i gcomhréir leis an bPirimid Dramhaíola:  

Coisc agus Laghdaigh:  

Is furasta do thomhaltas teicstíle féin a laghdú trí machnamh a dhéanamh ar a bhfuil uait i ndáiríre sula gceannaíonn tú.    

Athúsáid & Deisiú:  

Sula gceannaíonn tú, déan cuardach ar do vardrús mar tá éadaí againn go léir a ndearnamar dearmad orthu cheana féin.     Is féidir leat rogha chomhfhiosach a dhéanamh freisin chun do chuid éadaí a dheisiú, trí fhoghlaim conas fuáil a dhéanamh duit féin nó is féidir leat eolaire seirbhísí deisiúcháin a fháil ar www.repairmystuff.ie  

Athchúrsáil:  

Fuarthas amach i dtaighde a rinne an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil le déanaí gurb ionann teicstílí agus 9% den dramhaíl sa bhosca bruscair ghinearálta.   Seo roinnt roghanna athchúrsála le breithniú mar mhalairt ar dhiúscairt:  

  • Tá bainc teicstílí/éadaí ar fáil ag Ionaid Fág Anseo in go leor áiteanna
  • Is féidir teicstílí/éadaí a thabhairt chuig ár nIonaid Fóntas Poiblí
  • Glacann go leor siopaí carthanachta le héadaí ardchaighdeáin lena n-athdhíol.   Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar https://charityretail.ie/shops/
  • Athdhíol d’éadaí nach dteastaíonn uait trí shuíomhanna gréasáin ar nós Depop agus Vinted.
  • Is minic a eagraíonn scoileanna agus pobail bailiúcháin éadaí mar bhealach chun ioncam a ghiniúint.    

Is réimse tosaíochta gníomhaíochta iad teicstílí chun uaillmhianta Gheilleagar Ciorclach na hÉireann a bhaint amach.   Sa bhliain 2022, bhunaigh an Rialtas Grúpa Comhairleach Teicstílí chun roghanna a iniúchadh maidir le teicstílí chun teacht níos mó i gcomhréir le Geilleagar Ciorclach.   Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar:  

Chun comhairle agus eolas a fháil maidir le bainistíocht teicstílí, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin náisiúnta bainistíochta dramhaíola ag https://mywaste.ie/sustainability/clothes-and-textiles/  

Déan teagmháil lenár bhfoireann Chomhshaoil

Address

An Roinn Comhshaoil
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX

Phone numbers

Phone

Office hours

Sunday Closed
Monday - Friday 9:00 am - 4:00 pm
Saturday Closed