Cuardaigh

Feithiclí Tréigthe

Tuairiscigh feithiclí tréigthe in áiteanna poiblí

Conas feithicil thréigthe a thuairisciú:

Chun feithicil thréigthe a thuairisciú, cuir na sonraí seo a leanas chuig an Rannóg Comhshaoil i gComhairle Chontae na Gaillimhe:

  • Clárú feithicle
  • Dath, Déantús agus Samhail na feithicle
  • An áit chruinn inar tréigeadh an fheithicil
  • An tréimhse nár bogadh an fheithicil (suas le 6 seachtaine) 

Déanfaimid imscrúdú ar an ábhar.   Má mheastar go bhfuil an fheithicil tréigthe, cuirfimid fógra chuig an úinéir cláraithe agus féadfaimid fógra a ghreamú den fheithicil.   

Tabhair faoi deara an méid seo a leanas: 

  • Ní bhainfimid feithiclí ach as maoin phoiblí. Ní rachaimid isteach i maoin phríobháideach chun feithicil a bhaint, mura bhfuil cúinsí eisceachtúla ann.
  • Ba chóir feithiclí gan cháin ná árachas ar bhóithre poiblí a thuairisciú do na Gardaí.
  • Ba chóir feithiclí loiscthe a thuairisciú do na Gardaí.
  • Ní mheasfar feithiclí in eastáit phríobháideacha a bheith tréigthe.   

Conas feithiclí nach bhfuil ag teastáil a dhiúscairt i gceart: 

Is féidir leat do charr nó do veain bheag nach dteastaíonn uait a thabhairt saor in aisce chuig an tSaoráid Cóireála Údaraithe is gaire duit áit a bhfaighidh tú Deimhniú Scriosta don fheithicil.   Déanfaidh sé seo na comhaid náisiúnta feithicle go léir a nuashonrú freisin ionas nach bhfaighidh tú meabhrúcháin mhótarchánach etc. a thuilleadh.    Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach ar an rannán ar Fheithiclí Ré Caite ag Rialachán Dramhaíola

Déan teagmháil lenár bhfoireann Chomhshaoil

Address

An Roinn Comhshaoil
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX

Phone numbers

Phone

Office hours

Sunday Closed
Monday - Friday 9:00 am - 4:00 pm
Saturday Closed