Is coimeádáin mhóra iad Ionaid Fág Anseo inar féidir leis an bpobal earraí beaga tí amhail gloine, cannaí alúmanaim agus teicstílí a athchúrsáil, saor in aisce. Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe Ionaid Fág Anseo le haghaidh gloine agus cannaí ar fáil ag 86 láthair ar fud an Chontae. Cuireann Cuideachta Phríobháideach Bainc Teicstíle ar fáil i mórán de na háiteanna seo.
Cad is féidir leat a athchúrsáil ag Ionaid Fág Anseo
GLOINE:
Buidéil agus prócaí nite agus glanta. Ba chóir duit iad seo a dheighilt de réir datha isteach sa choimeádán ábhartha (geal, glas agus donn) mar go bhfuil sé seo tábhachtach don phróiseas athchúrsála.
Ná cuir criadóireacht ná gloine chomhréidh amhail gloine fuinneoige, gloiní óil, ná earraí cócaireachta gloine sna bainc athchúrsála gloine toisc go mbeidh truailliú mar thoradh air.
CANNAÍ:
Cannaí deochanna alúmanaim nite agus glanta.
Ná cuir cannaí bia miotail agus claibíní miotail isteach sna Bainc Alúmanaim mar ba chóir iad seo a athchúrsáil trí do ghnáthbhosca athchúrsála tí.
TEICSTÍLÍ:
Éadaí, péirí bróg, éadaí leapa atá glan, tirim agus ar ardchaighdeán.
Ná cuir duivéid, piliúir, agus éadaí damáistithe sna bainc teicstíle.
Cá bhfuil an tIonad Fág Anseo is gaire dom
Tá gach Ionad Fág Anseo sa tír cláraithe ar www.mywaste.ie arb é an suíomh gréasáin náisiúnta bainistíochta dramhaíola é. Is féidir leat an tIonad Fág Anseo is gaire duit a aimsiú beag beann ar an áit a bhfuil tú faoi láthair, tríd an nasc seo a leanas a oscailt, Ionad Fág Anseo a roghnú, agus ‘Cuir in ord de réir suímh’ a roghnú. Áit ar féidir leat do dhramhaíl athchúrsála a thabhairt - My Waste
Cad a dhéanamh má tá an tIonad Fág Anseo lán
Folmhaíonn soláthraithe seirbhíse na hIonaid Fág Anseo go rialta. Má fheiceann tú go bhfuil Ionad Fág Anseo lán, déan teagmháil leis an Roinn Comhshaoil ag 091 509 510.
MÁ TÁ AN tIONAD FÁG ANSEO LÁN, NÁ DUMPÁIL DO CHUID EARRAÍ IN-ATHCHÚRSÁILTE NÁ AON DRAMHAÍL EILE AG NA hIONAID FÁG ANSEO.
IS CION É SEO FAOIN ACHT UM THRUAILLIÚ BRUSCAIR AGUS D’FHÉADFAÍ FÍNEÁIL LÁITHREACH A GHEARRADH ORT NÓ TÚ A IONCHÚISEAMH.
Déan teagmháil lenár bhfoireann Chomhshaoil
Address
An Roinn Comhshaoil
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX