Cuardaigh

Taisteal Gníomhach N63 Mhainistir Chnoc Muaidhe

Feabhsuithe beartaithe ar shiúl agus rothaíocht i Mainistir Chnoc Muaidhe, lena n-áirítear cosáin nua, bealach comhroinnte, crosaire ardaithe, agus uasghráduithe ar acomhail.

TUAIRISC AR AN SCÉIM

Is éard atá i gceist leis an scéim atá beartaithe do shráidbhaile Mhainistir Chnoc Muaidhe, a mbeidh an limistéar iomlán luais 50km/mar chuid de, ná saoráid roinnte rothaíochta agus coisithe a cheanglóidh an rotharbhealach tuaithe atá ann cheana (Mainistir Chnoc Muaidhe go Cnoc an Eanaigh) leis an rotharbhealach atá beartaithe idir an Lios agus an Mhainistir a rithfidh ó oirthear an tsráidbhaile go dtí an séipéal áitiúil.
Ar an taobh eile den N63, cuirfear cosán ardaithe nua ar fáil tríd an sráidbhaile a cheanglóidh na cosáin atá ann cheana leis na cinn ar an taobh ó dheas agus ar an taobh ó thuaidh den bhaile.
Déanfar acomhal an N63 le bóthar áitiúil an L2128 a athailíniú le cuair a bhfuil gathanna níos lú acu d’fhonn gluaiseacht agus luas an tráchta a rialú.
Cuirfear crosaire coisithe ardaithe ar fáil san áit a bhfuil na siopaí agus limistéar an charrchlóis, díreach soir ó acomhal L2128.

CUSPÓIRÍ NA SCÉIME

  • Ceangal a chur ar fáil do rothaithe agus do choisithe le gach taitneamhacht i sráidbhaile Mhainistir Chnoc Muaidhe, lena n-áirítear saoráidí pobail, gnólachtaí, scoileanna agus áiteanna cónaithe.
  • Feabhas a chur ar shábháilteacht ar bhóithre trí úsáideoirí soghonta bóithre a scaradh ó thrácht feithiclí.
  • Laghdú ar luas na bhfeithiclí a spreagadh tríd an gcrios teorann luais 50km/u.

CEAD PLEANÁLA


Rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe iarratas faoi Chuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) ar an 8 Nollag 2023 do Rotharbhealach ar an N63 Scéim Taistil Ghníomhaigh Mainistir Chnoc Muaidhe, Contae na Gaillimhe de réir Chuid 11 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú).
Glacadh leis an toiliú forbartha ar an 015/04/2004 ag Cruinniú Míosúil Cheantar Bardasach Tuaim.

ORDÚ CEANNAIGH ÉIGEANTAIGH


Ordú Ceannaigh Éigeantaigh Uimh 1 2025 Chomhairle Chontae na Gaillimhe 2025 (Infreastruchtúr Fisiceach, Seirbhísí Dóiteáin agus Éigeandála, agus Athrú Aeráide) do N63 Scéim Taistil Ghníomhaigh Mainistir Chnoc Muaidhe.
Tá ordú déanta ag Comhairle Contae na Gaillimhe (dá ngairtear “an t-údarás áitiúil” anseo feasta), i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar di le hAlt 76 d’Acht na dTithe, 1966 agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, arna leathnú le halt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960, arna ionadú le halt 86 d’Acht na dTithe, 1966, arna leasú le halt 6 d’Acht na mBóithre, 1993 agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus arna leasú leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, a bhfuil an teideal sin thuas air agus atá le cur faoi bhráid an Coimisiún Pleanála lena dhaingniú.
Má dhaingnítear é, údarófar leis an ordú don údarás áitiúil an talamh a thuairiscítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis seo a fháil go héigeantach chun an N63 Scéim Taistil Ghníomhaigh Mainistir Chnoc Muaidhe agus na hoibreacha coimhdeacha agus iarmhartacha go léir a fhoirgniú lena n-áirítear struchtúir, dromchla bóthair, marcálacha bóthair, oibreacha rochtana agus cóiríochta, agus oibreacha gaolmhara eile, a sholáthar sna bailte fearainn seo a leanas

ID: 61640 Name: An Choilleach Thuaidh       ID: 61641 Name: An Choilleach Theas

Léarscáil na Scéime
Ordú Ceannaigh Éigeantaigh & Sceideal
Léarscáil Taiscthe
Léarscáil Suímh