Cuardaigh

Conas is féidir liom Leathanbhanda Ardluais a fháil?

<p>An gá duit infhaighteacht leathanbhanda a sheiceáil nó an bhfuil ceisteanna agat faoi sheachadadh leathanbhanda?</p>

An gCaithfidh tú do Sheirbhísí Leathanbhanda a Sheiceáil?

D’fhorbair an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg) uirlis Seiceála Leathanbhanda ar a shuíomh gréasáin ina bhféadfaidh tú na seirbhísí leathanbhanda atá ar fáil nó atá beartaithe do do sheoladh baile a fheiceáil.
🔗 Uirlis Seiceála Leathanbhanda

An bhfuil Ceisteanna agat i dtaobh Sholáthar Leathanbhanda?

Chruthaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (RCAC) córas don phobal le go bhféadfar ceisteanna a chur i dtaobh sholáthar leathanbhanda don Eircode atá acu.
🔗 Seirbhís do Chustaiméirí PLN

Liosta de na Soláthróirí Leathanbhanda Gan Sreang

Is féidir leat teacht ar liosta iomlán de na soláthróirí ceadaithe le haghaidh leathanbhanda gan sreang do Chontae na Gaillimhe ar shuíomh gréasáin ComReg.
🔗 Suíomh Gréasáin ComReg

An gCaithfidh tú Comhartha Móibíleach a Sheiceáil i do Cheantar?

Tá uirlis mhapála do chomharthaí móibíleacha ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide (ComReg) ina bhféadfar láidreacht an chomhartha mhóibíligh de réir líonra i do cheantar a sheiceáil.
🔗 Léarscáil ar Raon Clúdaigh Fón Póca Taobh Amuigh

Féadfaidh comhartha móibíleach mar a léirítear iad ar shuíomh gréasáin ComReg a bheith éagsúil ón a bhfuil ar fáil ar an talamh mar gheall ar an tírdhreach mórthimpeall agus nuair a thomhaistear taobh istigh iad.

Tugann an suíomh gréasáin ComReg leideanna maidir le conas do sheirbhís mhóibíleach a fheabhsú, amhail glaonna Wi-Fi nó athsheoltóirí fón póca.
🔗 An Leas Is Mó a Bhaint As Do Sheirbhís Mhóibíleach

Teicneolaíochtaí Móibíleacha atá ag Teacht Chun Cinn: 5G agus Tuilleadh

Tá teicneolaíochtaí móibíleacha ag feabhsú le 30 bliain anuas. Cuireadh tús leis gcéad líonra móibíleach "2G" in Éirinn in 1993. Sna luath-2000idí, thug líonraí "3G" na céad sheirbhísí móibíleacha idirlíne leo. Ansin, sna luath-2010idí, chuir líonraí "4G" idirlíon móibíleach níos tapúla ar fáil.

Tá úsáid na teicneolaíochta móibílí ag fás de réir is a éiríonn "Idirlíon na nEarraí" (InE) ina chuid dár saol laethúil. Ciallaíonn InE gléasanna agus córais a cheanglaíonn leis an idirlíon agus a labhraíonn lena chéile. Tá gléasanna cliste baile, rianairí corpacmhainne agus gléasanna nasctha san áireamh. Cabhróidh na teicneolaíochtaí seo le huathoibriú, cianrialú agus sonraí a roinnt, ag déanamh ár saoil níos éasca agus níos éifeachtúla.

Anois, is í "5G" an teicneolaíocht mhóibíleach is déanaí. I Nollaig 2022, sheol an Rialtas an Straitéis um Nascacht Dhigiteach. Is é cuspóir amháin ná 5G a chur ar fáil i ngach ceantar a bhfuil dlús daonra ann faoi 2030.

Image courtesy of ComReg

          Íomhá le caoinchead ó ComReg

 

Ról Chomhairle Chontae na Gaillimhe

Go príomha, is ionann ról Chomhairle Chontae na Gaillimhe i leith sholáthar líonraí teileachumarsáide gan sreang agus na freagrachtaí a leagtar amach faoin reachtaíocht reatha. Tá comhairle ó phríomhúdaráis na hÉireann sa réimse seo mar threoir ag an gComhairle:

  • An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC)
  • An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg)

Féadann tabhairt isteach na teicneolaíochta nua ceisteanna a tharraingt. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar shuíomhanna gréasáin údaráis inniúla na hÉireann:

🔗 An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg)
🔗 An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA)