Imréiteach Mótarbhealaigh/Débhealaigh Náisiúnta
I gcás ualaí neamhghnácha atá níos mó ná 3 mhéadar ar leithead, ní mór don iarratasóir teagmháil a dhéanamh le hIonad Rialaithe Tráchta Mótarbhealaigh BIÉ trí ríomhphost a sheoladh chuig abnormalload@mtcc.ie 72 uair an chloig roimh an turas ar a laghad chun cead a fháil chun taisteal ar an Mótarbhealach/Gréasán Náisiúnta Débhealaigh.
Deimhneoidh an tIonad Rialaithe Tráchta Mótarbhealaigh an bhféadfadh aon oibreacha bóthair atá beartaithe feadh an bhealaigh cur isteach ar an turas.
Fógra Roimh Ré
Sula ndéantar iarratas ar cheadúnas speisialta, tabharfaidh an t-iarratasóir fógra ceithre lá oibre glana do Choimisinéir na nGarda Síochána faoin iarratas sin. Beidh cóip den iarratas ar an gceadúnas ag gabháil leis an bhfógra.
Gealltanas agus Coinníollacha an Cheadúnais
- Féadfaidh an tÚdarás iarraidh ar an iarratasóir suim airgid a thabhairt don Chomhairle chun íoc as aon damáiste a d’fhéadfadh a dhéanamh do bhóithre poiblí de dheasca na feithicle ceadaithe.
- Ní mór an ceadúnas a bheith ar an bhfeithicil lena mbaineann sé, nó ar an bhfeithicil atá ag tarraingt an leantóra.
- Má sháraíonn an fheithicil aon cheann de na coinníollacha ceada, féadfaidh an tÚdarás an ceadúnas a tharraingt siar.
Doiciméid Riachtanacha
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh in iarratais ar Cheadúnas Speisialta:
- Sceidil Árachais le slánaíocht shonrach do Chomhairle Chontae na Gaillimhe:
- Dliteanas Poiblí: €6.5 milliún
- Dliteanas an Fhostóra: €13 milliún
Táillí an Cheadúnais
- Cead Aon-Turais: €75
- Cead 3 Mhí: €250
- Cead Bliantúil: €500
Foirm Iarratais ar Chead Speisialta le haghaidh Ualaí Neamhghnácha: