Cuir isteach anseo le haghaidh scéimeanna agus tacaíochtaí a bhaineann le bóithre atá ar fáil trí Chomhairle Chontae na Gaillimhe, lena n-áirítear deontais feabhsúcháin áitiúla agus tionscnaimh faoi stiúir an phobail.
Bíonn gá le Ceadúnas chun Bóthar a Oscailt má theastaíonn ó dhuine aonair/conraitheoir cuid de bhóthar poiblí a thochailt, i.e. carrbhealach/cosáin agus an chiumhais féir a bhaineann leis.
Faoi Alt 75 d’Acht na mBóithre 1993, féadfaidh údarás bóithre, le hordú, bóthar poiblí a dhúnadh do thrácht ar feadh tréimhse ar leith agus faoi réir coinníollacha sonraithe chun críocha rás bóthair, oibreacha a éascú nó chun aon chríche eile. Leagtar amach in Airteagal 12 de na Rialacháin Bóithre 1994 na ceanglais a bhaineann le tréimhsí fógra agus agóidí a dhéanamh agus a mheas
Féadfaidh Údarás Áitiúil, i gcomhréir le hAlt 13 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 agus na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh agus Úsáid Feithiclí) 1963 – 2003, cead speisialta a eisiúint lena n-údaraítear feithiclí áirithe a sháraíonn an meáchan agus na toisí uasta d’fheithiclí agus do leantóirí inneallghluaiste a úsáid ar bhóithre poiblí.