Cuardaigh

Scéim Rannpháirtíochta Pobail (CIS)

Baineann an Scéim Rannpháirtíochta Pobail go heisiach le bóithre poiblí neamhnáisiúnta.

Féadfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe, ó am go ham, iarratais a lorg ó dhaoine aonair, grúpaí pobail agus eagraíochtaí eile a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa scéim. 


Ní mór i ngach iarratas an bóthar atá i gceist a shainaithint go soiléir agus raon feidhme beartaithe rannpháirtíocht nó ionchur an phobail a leagan amach.

Is féidir na hoibreacha incháilithe a chur i gceithre chatagóir: feabhsúcháin ghinearálta, oibreacha draenála, oibreacha pábhála agus cosáin. 

Tabhair faoi deara go bhfuil an tréimhse le haghaidh iarratais CIS dúnta faoi láthair.

Is féidir ceisteanna maidir leis an scéim sin a chur ar aghaidh chuig roads@galwaycoco.ie