Cuardaigh

Fiosrúcháin faoi bhóithre agus seirbhísí

Is féidir Deimhniú um Bóithre agus Seirbhísí a eisiúint nuair a fhaightear an t-eolas riachtanach atá liostaithe thíos.

Is féidir Deimhniú um Bóithre agus Seirbhísí a eisiúint nuair a fhaightear an méid seo a leanas: -

  1. Iarratas i scríbhinn
  2. Íocaíocht táille €100
  3. Léarscáil inléite na Suirbhéireachta Ordanáis nó Chlárlann na Talún leis an suíomh/maoin leagtha amach ar an léarscáil i ndath agus an bóthar atá teoranta leis an maoin aibhsithe.

Cuir léarscáil de shuíomh an láithreáin ar fáil ar scála 1:10560 nó a leithéid, chun cabhrú leat an mhaoin nó an láithreán ábhartha a aimsiú - le taispeáint i gcoibhneas leis an sainchomhartha, sráidbhaile nó baile is gaire. 

Bealaí leis an táille a íoc:

  • Seic - déanta iníoctha le Comhairle Chontae na Gaillimhe
  • RAA (Ríomhaistriú Airgid)
  • Ar an bhfóin, trí ghlaoch a chur go díreach ar an Deasc Airgid ar 091 509032

Is féidir gach comhfhreagras a chur ar aghaidh chuig an seoladh ríomhphoist roadsandservices@galwaycoco.ie lena chur faoi bhráid na Rannóige um Bóithre agus Seirbhísí. 

Ar an gcaoi chéanna, is féidir gach comhfhreagras poist a chur chuig an Aonad um Bonneagar agus Oibríochtaí, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh - Teileafón 091 509309.