Cuardaigh

Dúnadh Bóithre

Faoi Alt 75 d’Acht na mBóithre 1993, féadfaidh údarás bóithre, le hordú, bóthar poiblí a dhúnadh do thrácht ar feadh tréimhse ar leith agus faoi réir coinníollacha sonraithe chun críocha rás bóthair, oibreacha a éascú nó chun aon chríche eile. Leagtar amach in Airteagal 12 de na Rialacháin Bóithre 1994 na ceanglais a bhaineann le tréimhsí fógra agus agóidí a dhéanamh agus a mheas

Iarratas a Dhéanamh ar Dhúnadh Sealadach Bóthair 

  • Ní mór iarratais ar dhúnadh sealadach bóithre a chur isteach (i scríbhinn) chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe, an Rannóg Bóithre agus Iompair, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta atá beartaithe le haghaidh dhúnadh an bhóthair le cinntiú go mbeidh dóthain ama ag an gComhairle a cuid oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh. Ní mór cúis dhúnadh an bhóthair, fad an dúnta, an suíomh agus an bealach malartach a lua san iarratas mar aon le léarscáil agus fianaise ar chlúdach leordhóthanach árachais dliteanais phoiblí.
  • Sula ndúnann an Chomhairle bóthar, ní mór di fógra a thabhairt coicís roimh ré ar a laghad le cur in iúl go bhfuil an dúnadh bóthair sin ar intinn acu agus an fógra sin a chur chuig nuachtáin áitiúla agus chuig na Gardaí. Ní mór trí lá ar a laghad a cheadú chun agóidí i gcoinne an dúnadh bóthair atá beartaithe a fháil.
  • Ní mór fógra deiridh breise, ina bhfuil sonraí faoin dúnadh bóthair agus faoi bhealaí malartacha, a chur sna nuachtáin áitiúla seacht lá ar a laghad roimh dhúnadh an bhóthair.
  • Beidh costais fógraíochta na Comhairle a bhaineann leis an dúnadh bóthair iníoctha ag an iarratasóir agus cuirfear sonrasc chucu sula dtionólfar an ócáid.