Déantar iarratais ar Cheadúnas chun Bóthar a Oscailt a phróiseáil anois trí Chóras Náisiúnta Ceadúnaithe Bóthair ar Líne ar a dtugtar MRL (Ceadúnú Oibreacha Bóthair MapRoad) atá á bhainistiú agus á thacú ar fud na tíre ag An Oifig um Bainistiú Bóithre (RMO).
Ón 1 Nollaig 2018, ní mór gach iarratas ar cheadúnais chun bóthar a oscailt i gContae na Gaillimhe a dhéanamh ar láithreán gréasáin an RMO.
Ní ghlacfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le hiarratais ar pháipéar ón dáta sin ar aghaidh.
Chun clárú ar an gcóras MRL den chéad uair, téigh chuig an leathanach clárúcháin.
Is féidir leat treoracha sothuigthe a fháil le haghaidh tascanna coitianta maidir le Ceadúnú MapRoad ar láithreán gréasáin an RMO.
Is féidir ceisteanna a bhaineann le clárú ar an gclár MRL a sheoladh i ríomhphost chuig contact@RMO.ie nó teagmháil a dhéanamh leis an Oifig um Bainistíocht Bóithre trí ghlaoch a chur ar Theil: 028 – 40741.