Cuardaigh

Fógraíocht / comharthaíocht neamhúdaraithe

I gcomhréir le hAcht na mBóithre 1993 agus an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000, bíonn gá le cead ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe i bhfoirm ceadúnais nó cead pleanála le haghaidh comharthaí fógraíochta feadh an bhóthair phoiblí.

Tá cosc ar chomharthaí, carbháin nó feithiclí neamhúdaraithe chun fógraíocht a dhéanamh ar dhíol earraí nó ar sholáthar seirbhísí ar bhóithre poiblí. 

Tá cumhacht ag an gComhairle agus ag na Gardaí na struchtúir seo a bhaint agus fógra a sheirbheáil don úinéir ina luaitear cá bhféadfar an struchtúr a aisghabháil laistigh de mhí amháin. Tá údarás áitiúil i dteideal costais a aisghabháil a thabhaítear chun bacainní ar bhóthar poiblí faoina bhainistíocht a chosc agus a bhaint.