Cuardaigh

Achomharc a Dhéanamh ar Fhógra Muirir Sheasta

<p>Má chreideann tú gur eisíodh fíneáil pháirceála trí dhearmad nó má tá cúinsí maolaitheacha ann, is féidir leat achomharc a chur isteach.</p>

Conas Achomharc a Dhéanamh

Tá sé mar aidhm ag na Rialacháin Pháirceála plódú tráchta a laghdú, sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus comhlíonadh a chinntiú. Mar sin féin, má cheapann tú gur eisíodh Fógra Muirir Sheasta (fíneáil pháirceála) go mícheart, nó má tá cúiseanna bailí ann nár cheart dul ar aghaidh leis an bhforfheidhmiú, is féidir achomharc a dhéanamh ar an bhfógra faoi Nós Imeachta Achomhairc Páirceála Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

 

Ní mór achomhairc a chur isteach i scríbhinn agus na sonraí ábhartha go léir agus na doiciméid tacaíochta uile a bheith san áireamh iontu.