Obair Shóisialta i gCúrsaí Tithíochta
Tá forbairt tagtha ar ról Oibre Sóisialta laistigh de chúrsaí tithíochta thar na blianta chun freastal ar riachtanais grúpaí agus daoine aonair leochaileacha mar a tháinig siad chun cinn. Cé gur dhírigh an ról ar obair a bhaineann leis an Lucht Siúil go háirithe, tá sé tar éis leathnú chun atreoruithe a chur san áireamh a bhfuil gá le measúnú agus idirghabháil do na grúpaí cliant seo a leanas:
- Tionóntaí atá ann cheana féin agus iarratasóirí ceadaithe a chomhlíonann critéir le haghaidh atreoraithe
- Daoine scothaosta – riachtanais ag athrú, míchumas, etc.
- Daoine fásta leochaileacha – oifigeach idirchaidrimh (Cosaint)
- Obair Idirchaidrimh um chosaint agus leas leanaí
- Míchumas – intleachtúil, fisiciúil, céadfach, agus uathachas
- Meabhairshláinte – cásanna casta
- Cliaint LADTAI+ (leispiach, aerach, déghnéasach, trasinscneach, aiteach, agus idirghnéas)
- Daoine aonair agus grúpaí eile atá leochaileach nó ar an imeall
(Tagairt: Athbhreithniú Neamhspleách ar Ról Oibrithe Sóisialta atá Fostaithe ag Údaráis Áitiúla, arna choimisiúnú ag An Ghníomhaireacht Tithíochta, 2020)
Réimsí Breise de Rannpháirtíocht na hOibre Sóisialta
Déanann foireann na hOibre Sóisialta athbhreithniú freisin ar atreoruithe ó chomhghleacaithe tithíochta maidir le:
- Measúnú ar Obair Shóisialta
- Idirghabháil i gcás Géarchéime
- Méala agus Bás
- Abhcóideacht
- Imní faoi inniúlacht cliaint
(Tagairt: An tAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas) 2015)
Téigh i dteagmháil lenár bhfoireann Tithíochta
Cuntar tithíochta (ar an láthair) Luan - hAoine 9:00 am - 1:00 pm
Address
Tithíocht
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
H91 H6KX