Tá an Deontas um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta ar fáil chun cabhrú le daoine scothaosta, a bhfuil cónaí orthu i ndrochdhálaí tithíochta, deisiúcháin riachtanacha nó bunfheabhsúcháin tí a dhéanamh.
Is féidir maoiniú deontais a thabhairt i leith na nithe seo a leanas: díon nua a chur, athshreangú leictreach, teas lárnach a sholáthar, fuinneoga agus doirse a dheisiú nó a athsholáthar, agus aon deisiú nó oibreacha feabhsúcháin a mheasann an Chomhairle a bheith réasúnta riachtanach.
Cuspóir an deontais
Tá an Deontas um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta ar fáil chun deisiúcháin nó feabhsúcháin riachtanacha a sholáthar do dhaoine scothaosta, a bhfuil cónaí orthu i ndrochdhálaí tithíochta.
Féadfar deontais faoin Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta a íoc, i gcás inarb iomchuí, i leith oibreacha a dhéantar ar:
- Tithíocht úinéir-áitithe
- Tithe atá á gceannach ag údarás áitiúil faoin scéim ceannaigh ag tionóntaí
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Ní mór d’iarratasóir/iarratasóirí a bheith 66 bliain d’aois (nó níos sine) nó cónaí a bheith orthu le céile nó le duine eile atá 66 bliain d’aois (nó níos sine).
Cineálacha oibreacha
I measc na gcineálacha oibreacha a mhaoinítear faoin scéim, tá
- Díon nua:Beidh ar iarratasóirí a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar dheisiúcháin/athsholáthar dín dearbhú i scríbhinn óna gcuideachta árachais a chur isteach lena n-iarratas a chuireann in iúl nach bhfuil na deisiúcháin sin clúdaithe ag a bpolasaí árachais reatha.
- Athshreangú:Ní mór d’iarratasóirí a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar athshreangú dearbhú i scríbhinn ó leictreoir cáilithe ina luaitear riocht an tsreangaithe atá ann cheana a chur lena n-iarratas.
- Soláthar téimh lárnaigh: Ní mór d’iarratasóirí a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar oibreacha teasa dearbhú i scríbhinn ó phluiméir nó ó chonraitheoir teasa a chur leis an iarratas le rá nach bhfuil córas teasa reatha ann nó go bhfuil gá le deisiú riachtanach.
- Fuinneoga agus doirse a dheisiú nó a athsholáthar: ní chuirfear cúnamh deontais ar fáil ach amháin i gcúinsí eisceachtúla.
- Eile – aon oibreacha deisiúcháin nó feabhsúcháin eile a mheasann an Chomhairle a bheith réasúnta riachtanach.
N.B.Teas Lárnach: - Níl aon deontas ar fáil faoin scéim seo chun córas teasa lárnaigh atá ann cheana a uasghrádú. Tá na deontais sin ar fáil ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ar 1850 927000
Leibhéal deontais
Cinnfear an leibhéal deontais atá ar fáil ar bhonn ollioncam an teaghlaigh agus costas ceadaithe na n-oibreacha mar a mheas Comhairle Chontae na Gaillimhe. Is é an t-uasdeontas atá ar fáil ná €10,700
Ioncam an teaghlaigh
Ríomhtar ioncam teaghlaigh mar ollioncam bliantúil gach ball den teaghlach os cionn 18 mbliana d’aois (nó os cionn 23 bliana d’aois más in oideachas lánaimseartha atá siad) sa bhliain chánach roimhe sin.
Ní mór fianaise ar ioncam ar fad an teaghlaigh a chur isteach. Tugann Nóta 4 faoi ‘Coinníollacha na Scéime’ san fhoirm iarratais sonraí iomlána faoi na doiciméid a nglactar leo mar chruthúnas ar ioncam.
Ceanglais chánach
I gcás aon chonraitheora a bhfuil obair á déanamh acu i leith na Scéime um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta, ní mór Imréiteach Cánach reatha nó Cárta C2 arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim a chur isteach leis na meastacháin do na hoibreacha riachtanacha.
Téigh i dteagmháil lenár bhFoireann um Dheontais agus Iasachtaí Tithíochta
Cuntar tithíochta (ar an láthair) Luan - hAoine 9:00 am - 1:00 pm
Address
Deontais Tithíochta
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
H91 H6KX