Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh - Croí Cónaithe
Beart amháin is measc raon leathan beart atá sa Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh - Croí Cónaithe faoin mbealach le haghaidh a thabhairt ar réadmhaoin fholamh agus úsáid éifeachtúil stoic atá ann cheana féin sa phlean rialtais Tithíocht do Chách - Plean Nua Tithíochta d’Éirinn. Cuireann an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh - Croí Cónaithe roghanna nua ar fáil do dhaoine chun cónaí i mbailte agus i sráidbhailte in Éirinn, trí dheontas a sholáthar chun tacú le hathchóiriú réadmhaoine folmha. Tá an scéim leathnaithe anois ionas gur féidir áitribh fholmha i ngach ceantar tuaithe agus uirbeach sa tír a chur san áireamh freisin.
Ón 1 Bealtaine 2023, beidh deontas suas le €50,000 ar fáil d’athchóiriú maoine folmha le haghaidh áitíochta mar phríomháit chónaithe phríobháideach agus le haghaidh maoine a chuirfear ar fáil le ligean ar cíos agus a bheidh cláraithe mar thionóntacht leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (BTC), lena n-áirítear athchóiriú maoine nár úsáideadh mar áit chónaithe go dtí seo, faoi réir cead pleanála cuí a bheith i bhfeidhm.
Sa chás go bhfuiltear ag súil gur mó an costas athchóirithe ná an deontas caighdeánach suas le €50,000 tá uasdeontas breisithe suas le €20,000 ar fáil má dheimhníonn an t-iarratasóir go bhfuil an réadmhaoin tréigthe (i.e. neamhfhónta ó thaobh struchtúir de agus contúirteach) nó má tá an réadmhaoin ar Chlár na Láithreán Tréigthe de chuid an Údaráis Áitiúil, rud a thugann an deontas iomlán atá ar fáil do réadmhaoin thréigthe suas go huasmhéid €70,000. Má thugtar deontas breisithe i leith réadmhaoine foilmhe nach bhfuil ar Chlár na Láithreán Tréigthe, tá gá le tuarascáil neamhspleách a ullmhaíonn gairmí cáilithe cuí a chur isteach lena ndeimhnítear gur réadmhaoin fholamh atá ann.
- Tá réadmhaoine a tógadh suas go dtí 2007, an bhliain sin san áireamh incháilithe anois lena meas.
- Ní mór do réadmhaoine a bheith folamh ar feadh 2 bhliain tráth an iarratais.
- Féadfar go mbeidh réadmhaoin ar oileáin cháilithe i dteideal (suas le) 20% maoiniú deontais breise.
Leathnú Scéim Chiste Chroí Chónaithe (Bailte) Márta 2026
Tá na deontais seo a leanas ar fáil anois le haghaidh úinéirí aonair réadmhaoine foilmhe:
- An Deontas um Spás Folamh os cionn an tSiopa (nuair a fhanann an ghné thrádála ina gné thrádála)
- An Deontas um Athchóiriú Réadmhaoine Foilmhe. Athchóiriú d’Fhoirgneamh a úsáideadh chun críocha Trádála nó Úsáide Poiblí
- An Deontas um Shainchomhairle
Tá Doiciméid ar fáil, lena n-áirítear Foirmeacha Iarratais, Achoimrí Scéime agus Ceisteanna Coitianta, ag www.gov.ie/vacancy.
Téigh i dteagmháil leis an Rannóg um Thithe Folmha ag vacanthomes@galwaycoco.ie nó glaoigh ar 091509329 le haghaidh tuilleadh eolais.
Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?
Tá foirmeacha iarratais ar fáil anseo suíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Conas is féidir liom achomharc a dhéanamh?
Más mian leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh ar d’iarratas, is féidir leat an fhoirm achomhairc thíos a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig an bhFoireann um Thithe Folmha.