Tithíocht Dheonach i nGaillimh
Tacaíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe le tithíocht dheonach chun tithe a sholáthar do dhaoine a bhfuil riachtanais ar leith acu, amhail daoine scothaosta agus daoine gan dídean. Maoinítear na tionscnaimh sin i gcomhpháirt leis an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil.
Ról Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Feidhmíonn an Chomhairle mar idirghabhálaí idir an Comhlacht Ceadaithe Tithíochta agus an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, a mhaoiníonn na Scéimeanna Tithíochta Deonacha.
Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta
Tá roinnt Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCTanna) i gContae na Gaillimhe a sholáthraíonn cóiríocht a fhreastalaíonn ar réimse riachtanas agus cineálacha teaghlach, lena n-áirítear:
- Daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu
- Daoine scothaosta
- Daoine gan dídean
- Cóiríocht ghinearálta atá oiriúnach do theaghlaigh
Cuireann cuid mhór de na scéimeanna seo áiseanna eile ar fáil amhail seomraí cruinnithe agus ionaid lae ar mhaithe leis na cónaitheoirí.
Téann CCTanna i gcomhairle leis an gComhairle agus tithíocht á leithdháileadh acu. D’fhéadfaí daoine aonair ar liosta feithimh tithíochta na Comhairle a chur san áireamh le haghaidh na scéimeanna sin. Nuair a thugtar áit chónaithe do dhaoine ar an liosta feithimh, meastar go bhfuil tithíocht shóisialta tugtha dóibh agus baintear den Liosta Feithimh Tithíochta iad.
Is í Comhairle na hÉireann um Thithíocht Shóisialta (CÉTS) an chónaidhm náisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar chumainn tithíochta in Éirinn. Tugann sí comhairle maidir le conas a bheith i do Chomhlacht Ceadaithe Tithíochta agus cuireann sí tacaíocht leanúnach le rialachas agus ábhair lena mbaineann.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.icsh.ie nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@icsh.ie.
- Ní mór do gach Comhlacht Ceadaithe Tithíochta clárú don Chód Rialála Deonach chun leas a bhaint as maoiniú ón Roinn.
- Ní féidir le tionónta tithe arna leithdháileadh ag comhlacht deonach a cheannach.
Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh?
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil leis an bhFoireann um Thithíocht Dheonach.
Téigh i dteagmháil lenár bhFoireann um Thithe Dheonach
Cuntar tithíochta (ar an láthair) Luan - hAoine 9:00 am - 1:00 pm
Address
Tithíocht Dheonach
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
H91H6KX