Scéim Morgáiste chun Cíosa (MGC)
Leis an Scéim Morgáiste chun Cíosa (MGC), is féidir le daoine atá ag streachailt lena n-aisíocaíochtaí morgáiste aistriú ó bheith ina n-úinéir ar a dteach féin agus an teach a fháil ar cíos mar thionónta tithíochta sóisialta ina ionad sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir chun cáiliú do thithíocht shóisialta.
Ceannaíonn Comhlacht Ceadaithe Tithíochta (CCT) nó cuideachta phríobháideach atá ceadaithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an teacht atá i gceist ón iasachtóir agus ligeann siad ar ais don tionónta é ar cíos inacmhainne.
Critéir Incháilithe
Chun cáiliú don scéim náisiúnta morgáiste go cíos, ní mór do do mhorgáiste, do theach agus do theaghlach na critéir incháilitheachta thíos a chomhlíonadh:
- Cothromas diúltach: Go ginearálta, ní mór don réadmhaoin a bheith i gcothromas diúltach. Mar sin féin, tá réadmhaoine ann a bhfuil méid beag cothromais dhearfaigh acu ar féidir a chur san áireamh. I gContae na Gaillimhe, is é €30,000 an teorainn ar chothromas dearfach.
- Oiriúnacht: Ní mór don réadmhaoin freastal ar riachtanais an teaghlaigh, gan dul thar fóir leis ach gan neamhshuim a thabhairt ar na riachtanais ach an oiread. Leis an scéim, ceadaítear suas le dhá sheomra leapa breise thar a bhfuil sonraithe do mhéid an teaghlaigh i dtreoirlínte an údaráis áitiúil, le roinnt solúbthachta do dhaoine scothaosta agus dóibh siúd atá faoi mhíchumas.
- Teorainneacha ar Luach: Ní fhéadfaidh an réadmhaoin a bheith thar theorainneacha áirithe ar luach. I gContae na Gaillimhe, is é an teorainn le haghaidh tí ná €345,000 agus €230,000 le haghaidh árasáin nó teach baile mhóir.
- Incháilitheacht le haghaidh Tithíochta Sóisialta: Ní mór don teaghlach cáiliú le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta i gContae na Gaillimhe. Ní mór d’iarratasóirí ar thithíocht shóisialta iarratas a dhéanamh ar thithíocht shóisialta sula gcuireann siad iarratas isteach chuig an scéim MGC. Anuas air sin, ní mór d’iarratasóirí gan aon réadmhaoin eile a bheith faoina n-úinéireacht ná sócmhainní os cionn €20,000 a bheith acu agus ní mór dóibh ceartas fadtéarmach fanacht sa stát a bheith acu.
Úinéireacht agus Tionóntacht
Má cheannaíonn Comhlacht Ceadaithe Tithíochta an teach, is é an Comhlacht sin tiarna talún an tí. Má cheannaíonn cuideachta phríobháideach arna cheadú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an teach, beidh an tionónta mar thionónta an Údaráis Áitiúil.
Bíonn socruithe casta dlí agus airgeadais i gceist le hathrú ó úinéir tí go tionónta agus ní mór iad go léir a chur i gcrích sula n-aistrítear an réadmhaoin. Bíonn comhairle dhlíthiúil agus airgeadais riachtanach sula dtéitear ar aghaidh leis an bpróiseas morgáiste go cíos.
Ról Chomhairle Chontae na Gaillimhe
- Measúnú: Cinneadh a dhéanamh maidir le cibé an bhfuil iarratasóirí incháilithe le haghaidh tacaíocht tithíochta sóisialta chun rochtain a fháil ar an scéim MGC.
- Measúnacht: Tuairimí a thabhairt maidir le riachtanais tithíochta áitiúla, cíosanna margaidh agus oiriúnacht na réadmhaoine bunaithe ar chomhdhéanamh an teaghlaigh.
- Comhaontú: Sínigh léas nó comhaontú infhaighteachta leis an gComhlacht Ceadaithe Tithíochta nó leis an gcuideachta phríobháideach cheadaithe.
Ríomhphost: mrt@galwaycoco.ie le haghaidh tuilleadh eolais.
Naisc Úsáideacha
- www.backontrack.ie
- www.citizensinformation.ie – 0818 07 4000 (Luan go hAoine, 9am go 8pm)
- www.mabs.ie – 0818 07 2000 (Luan go hAoine, 9am go 5pm)
- https://www.mabs.ie/en/abhaile/ - Abhaile – MABS
- An Ghníomhaireacht Tithíochta – Líne Chabhrach um Riaráistí Morgáiste – 0761 07 4050 (Luan go hAoine, 9.30am go 5pm)
- Morgáiste go Cíos | Morgáiste go Cíos
Téigh i dteagmháil lenár bhFoireann MGC
Cuntar tithíochta (ar an láthair) Luan - hAoine 9:00 am - 1:00 pm
Address
Tithíocht Morgáiste go Cíos
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
H91 H6KX