Cuardaigh

Maidir leis an tseirbhís dóiteáin

Forbhreathnú ar an tseirbhís dóiteáin i gCathair agus i gContae na Gaillimhe, lena n-áirítear a struchtúr, a freagrachtaí agus na ceantair a bhfreastalaíonn sí orthu.

Maidir leis an tseirbhís dóiteáin

Is í Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe an tseirbhís oifigiúil freagartha dóiteáin agus éigeandála do Chathair agus Chontae na Gaillimhe. Feidhmíonn sí faoi údarás Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tá sí freagrach as réimse leathan seirbhísí éigeandála lena n-áirítear comhrac dóiteáin,timpistí tráchta bóthair, tarrtháil theicniúil agus déileáil le hábhair ghuaiseacha. Comhlíonann Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe a feidhmeanna faoi cheithre phríomhrannóg, siad sin Seirbhísí Dóiteáin Oibríochtúla, Sábháilteacht Theicniúil Dóiteáin nó Cosc Dóiteáin, Bainistíocht Móréigeandálaí agus Sábháilteacht Dóiteáin Pobail.

Seirbhís dóiteáin oibríochtúil

Cuireann Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe seirbhís dóiteáin oibríochtúil 24/7/365 ar fáil ó aon stáisiún dóiteáin déag atá suite go straitéiseach ar fud Chathair agus Chontae na Gaillimhe. Tá gach briogáid dóiteáin faoi cheannas oifigigh stáisiúin, a bhfuil fo-oifigeach acu chun cabhrú leo agus gníomhú dóibh nuair a bhíonn siad as láthair. Tá meicneoir tiománaí amháin nó níos mó ag gach briogáid, ag brath ar líon na bhfearas ag stáisiún ar leith. Tá gach ball de bhriogáidí an Chontae fostaithe ar bhonn páirtaimseartha ar áirithíocht agus tá comhraiceoirí dóiteáin lánaimseartha agus ar áirithíocht fostaithe ag Stáisiún Chathair na Gaillimhe. Más spéis leat a bheith i do chomhraiceoir dóiteáin ar áirithíocht is féidir leat tuilleadh eolais a fháil trí chliceáil ar an nasc seo a leanas: Folúntais

Sábháilteacht Theicniúil Dóiteáin / Cosc Dóiteáin

Is é ról an Údaráis Dóiteáin maidir le seirbhísí um Chosc / Sábháilteacht Dóiteáin ná comhairle shaineolach a sholáthar, cultúr sábháilteachta dóiteáin a chur chun cinn agus a fhorbairt sa phobal agus na rialuithe rialála a cheanglaítear leis an Acht Seirbhísí Dóiteáin, leis an Acht um Rialú Foirgníochta agus leis an Acht um Shubstaintí Contúirteacha a fheidhmiú. Fostaíonn Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe Oifigigh Theicniúla Dóiteáin chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán, ar iarratais ar Theastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas, ar Cheadúnais le haghaidh Deochanna Meisciúla agus ar Cheadúnais le haghaidh Substaintí Contúirteacha. Déanann Oifigigh Dóiteáin iniúchtaí ar fhoirgnimh faoi na hAchtanna éagsúla, agus déanann siad iniúchtaí rialta ar gach cineál áitreabh ar fud na Cathrach agus an Chontae.

Bainistíocht Móréigeandálaí

Cuidíonn Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe le comhordú Plean Móréigeandála Chomhairle Chontae na Gaillimhe i dteannta le pleananna comhordaithe na bPríomhghníomhaireachtaí Freagartha (Údaráis Áitiúla, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus An Garda Síochána). Leagtar amach sa Chreat um Bainistíocht Móréigeandálaí na nósanna imeachta atá le leanúint i gcás móréigeandála agus na feidhmeanna atá le déanamh ag gach seirbhís faoi seach.

Sábháilteacht Dóiteáin Pobail 

Tá Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe tiomanta d’fheasacht ar shábháilteacht ó dhóiteán a chur chun cinn ina limistéar feidhme trí raon gníomhaíochtaí agus tionscnamh um Shábháilteacht Dóiteáin Pobail (S.D.P.) a chur i bhfeidhm a bhfuil sé mar aidhm acu an pobal a bheith páirteach i gcosc a chur ar bhás agus ar ghortú de bharr dóiteáin agus teagmhais eile. Déanann foireann oifigeach dóiteáin Sinsearach agus Sóisearach na tionscnaimh S.D.P. sin a chomhordú agus cuirtear i bhfeidhm iad le cúnamh ó phearsanra na briogáide dóiteáin áitiúla, agus iad uile ag obair le chéile mar fhoireann agus ag dul i dteagmháil leis an bpobal ar a bhfreastalaíonn siad.