Iarratas ar Cheadúnas um Shubstaintí Contúirteacha
Tá Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe freagrach as ceadúnú a thabhairt do stóráil agus láimhseáil leachtanna agus breoslaí inadhainte sna cineálacha áitreabh seo a leanas:
Siopaí Miondíola
- Le díol nó le soláthar don phobal
Siopaí Dáileacháin agus Soláthairtí Tráchtála
- Le soláthar nó díol le fiontair thráchtála
- Le soláthar d’fheithiclí an cheadúnaí féin
- Lena n-úsáid in aon inneall faoi smacht an cheadúnaí
Reachtaíocht
Déantar ceadúnú faoi na rialacháin seo a leanas:
- An tAcht um Shubstaintí Contúirteacha 1972
- Rialacháin maidir le Substaintí Contúirteacha (Siopaí Miondíola Leachtanna agus Breoslaí Inadhainte), 2019. I.R. 630 de 2019
- Rialacháin maidir le Substaintí Contúirteacha (Siopaí Dáileacháin agus Soláthairtí Tráchtála Leachtanna agus Breoslaí Inadhainte), 2019. I.R. 631 de 2019
Is féidir foirmeacha iarratais chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Substaintí Contúirteacha a fháil anseo: