Cuardaigh

Bainistíocht Móréigeandálaí

Leagtar amach pleananna freagartha comhordaithe Chomhairle Chontae na Gaillimhe le haghaidh éigeandálaí mórscála, a chinntíonn sábháilteacht an phobail agus leanúnachas seirbhísí.

Go bunúsach is éard atá i gceist le Bainistíocht Móréigeandálaí ná a chinntiú go bhfuil an phleanáil, an ullmhacht, an oiliúint agus an comhordú riachtanach i bhfeidhm chun go mbeidh Comhairle Chontae na Gaillimhe in ann dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le héigeandálaí. 

Chun cabhrú le hullmhúchán éifeachtach a dhéanamh chun déileáil le héigeandálaí féideartha, déanann Comhairle Chontae na Gaillimhe measúnú ar ghuaiseacha áitiúla agus ar rioscaí sonracha. Tá ár gcur chuige maidir le bainistiú móréigeandálaí bunaithe ar anailís leanúnach ar ghuaiseacha, ar mhaolú, ar phleanáil, ar ullmhacht agus ar shocruithe aisghabhála.

Déanann Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe, le tacaíocht ó rannóga eile den údarás áitiúil, agus i gcomhairle le Príomhghníomhaireachtaí Freagartha an Gharda Síochána agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, cleachtaí éigeandála go rialta mar chur chuige comhtháite agus réamhghníomhach i leith bainistíocht móréigeandálaí.

Leagtar amach i bPlean Móréigeandálaí Chomhairle Chontae na Gaillimhe socruithe agus nósanna imeachta maidir le freagairt agus aisghabháil éifeachtach, éifeachtúil agus comhordaithe i gcás éigeandála móire a eascraíonn as imeachtaí amhail tinte, timpistí iompair, teagmhais substaintí guaiseacha agus drochaimsir. Tá sé deartha chun pleananna comhfhreagracha ó na Príomhghníomhaireachtaí Freagartha eile de chuid an Gharda Síochána agus Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a chomhtháthú agus chun tacú leo. 

Sainmhínítear móréigeandáil  mar aon teagmhas a chruthaíonn nó a bhagraíonn gortú nó bás, cur isteach tromchúiseach ar sheirbhísí riachtanacha nó damáiste do mhaoin, don chomhshaol nó do bhonneagar thar ghnáthchumais na bpríomhsheirbhísí éigeandála, de ghnáth gan mórán rabhaidh nó gan rabhadh ar bith. 

Tá comhairle phraiticiúil maidir le céimeanna ciallmhara is féidir a ghlacadh chun déileáil le héigeandáil eisithe ag an Oifig um Pleanáil Éigeandála trí fhoilsiú agus dáileadh an lámhleabhair "Ag ullmhú le haghaidh Móréigeandálaí" agus an chomhairle ar a suíomh gréasáin www.emergencyplanning.ie