Tugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 an ceart duit rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil atá i seilbh Chomhairle Chontae na Gaillimhe, a mhéid is féidir, i gcomhréir le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachta.
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá an ceart agat:
- Rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh Chomhairle Chontae na Gaillimhe, lena n-áirítear faisnéis phearsanta agus neamhphearsanta
- Do chuid faisnéise pearsanta atá i seilbh Chomhairle Chontae na Gaillimhe a cheartú nó a nuashonrú má tá sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
- Tuiscint a fháil ar an gcúis ar ghlac Comhairle Chontae na Gaillimhe cinntí a mbíonn tionchar díreach acu ort
Conas iarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh
Más mian leat faisnéis a iarraidh faoi Shaoráil Faisnéise, lean na céimeanna thíos le do thoil:
Cad atá le cur san áireamh i d’iarratas:
- Luaigh go soiléir go bhfuil d’iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
- Déan cur síos chomh soiléir agus is féidir ar an bhfaisnéis atá uait
- Cuir in iúl dúinn conas ba mhaith leat an freagra a fháil — tríd an bpost nó ríomhphost
- Cuir do shonraí teagmhála san áireamh
- Cuir isteach d’iarratas i scríbhinn, tríd an bpost, ríomhphost nó tríd an bhfoirm ar líne
B’fhéidir gur mhaith leat an Fhoirm Iarratais um Shaoráil Faisnéise is féidir a íoslódáil a úsáid
Cá háit le d’iarratas a sheoladh:
Tríd an bpost:
Oifigeach um Shaoráil Faisnéise
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
Trí r-phost:
foi@galwaycoco.ie
Ar líne:
Déan iarratas ar líne
Cad a tharlaíonn ina dhiaidh sin?
Rachaidh d’iarratas ar aghaidh trí na céimeanna seo a leanas:
- Cuirfimid admháil ar fáil d’iarratais laistigh de dhá sheachtain
- Déanfaimid cinneadh laistigh de cheithre seachtaine.
- Féadfaimid níos mó ama a iarraidh chun d’iarratas a chomhlánú má tá an t-iarratas thar a bheith casta nó má tá líon mór taifead i gceist. Ní féidir linn é a shíneadh ar feadh níos mó ná 4 seachtaine eile. Cuirfear in iúl duit i scríbhinn gur mian linn an t-am a shíneadh.
- Mura bhfreagraímid laistigh de cheithre seachtaine, measfar faoin Acht gur diúltaíodh d’iarratas.
An bhfuil táille i gceist?
Tá iarratais ar fhaisnéis phearsanta faoi Shaoráil Faisnéise saor in aisce.
Maidir le taifid neamhphearsanta, tá na táillí seo a leanas i bhfeidhm:
| An cineál iarratais | Táille chaighdeánach | Táille laghdaithe (do shealbhóirí cárta leighis) |
| Iarratas tosaigh ar thaifead | Saor in Aisce | Saor in Aisce |
| Athbhreithniú inmheánach | €30 | €10 |
| Athbhreithniú ag an gCoimisinéir Faisnéise | €50 | €15 |
| Iarratas ar leasú ina bhfuil faisnéis mhícheart | Saor in Aisce | Saor in Aisce |
| Iarratas ar chúiseanna le cinneadh a bhaineann le duine aonair | Saor in Aisce | Saor in Aisce |
Táillí as cuardach, aisghabháil agus cóipeáil
Féadfar táille a ghearradh ort as "cuardach agus aisghabháil" taifead, costas fótachóipeála doiciméad le haghaidh iarratais ar fhaisnéis neamhphearsanta.
- Gearrtar táille €20 san uair ar chuardach agus aisghabháil taifead
- Gearrtar 4c in aghaidh an bhileoige ar fhótachóipeáil
Má tá costas an chuardaigh, an aisghabhála agus an chóipeála €101 nó níos lú, ní ghearrtar aon táille.
Má sháraíonn an táille €101, beidh táillí iomlána i gceist. Is é €500 an táille uasta a ghearrtar ar iarratas.
Más mó ná €700 costas measta an chuardaigh, an aisghabhála agus an chóipeála, féadfaidh an comhlacht diúltú d’iarratas a phróiseáil. Tabharfar an deis duit d’iarratas a bheachtú chun na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a thabhairt faoi bhun na teorann seo
An scaoilfimid an fhaisnéis uile a iarrann tú?
Tá cineálacha áirithe taifead díolmhaithe ó Shaoráil Faisnéise agus mar sin, b’fhéidir nach mbeidh sé indéanta na taifid uile a iarrann tú a scaoileadh. Féadfar taifid a scaoileadh i bhfoirm leasaithe nó a dhiúltú go hiomlán. Seo a leanas samplaí de thaifid a d’fhéadfadh a bheith díolmhaithe:
- Faisnéis a tugadh faoi rún.
- Faisnéis íogair tráchtála
- Faisnéis phearsanta (duine seachas an t-iarratasóir)
Féadfar d’iarratas a dhiúltú freisin má mheastar go bhfuil sé róleathan nó doiléir. Gheobhaidh tú cúnamh sa chás seo chun d’iarratas a bheachtú.
Má dhiúltaítear d’iarratas, go páirteach nó go hiomlán, cuirfear cúiseanna leis an diúltú in iúl duit.
Próiseas Achomhairc um Shaoráil Faisnéise
An féidir leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh um Shaoráil Faisnéise?
Is féidir. Féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach a lorg ar chinneadh tosaigh na Comhairle maidir le d’iarratas, sna cásanna seo a leanas
- Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh tosaigh a fuair tú, nó
- Mura bhfuair tú freagra laistigh de cheithre seachtaine ón iarratas tosaigh
Ní mór iarratas ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach i scríbhinn laistigh de cheithre seachtaine ón gcinneadh tosaigh.
Cosnaíonn iarratais ar athbhreithniú inmheánach a bhaineann le taifid neamhphearsanta €30. Gearrtar táille laghdaithe €10 ar shealbhóirí cártaí leighis.
Déanann oifigeach níos sinsearaí athbhreithnithe inmheánacha agus críochnófar iad laistigh de thrí seachtaine de ghnáth.
An féidir leat achomharc a dhéanamh i gcoinne Chinneadh an Athbhreithnithe Inmheánaigh?
Is féidir, féadfaidh tú athbhreithniú neamhspleách ar ár gcinneadh a lorg trí Oifig an Choimisinéara Faisnéise sna cásanna seo a leanas:
- mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh i ndiaidh an phróisis athbhreithnithe inmheánaigh; nó,
- mura bhfuair tú freagra ar an iarratas ar athbhreithniú inmheánach laistigh de 3 seachtaine ón iarratas.
Ní mór iarratais ar achomharc a dhéanamh i scríbhinn chuig Oifig an Choimisinéara Faisnéise laistigh de shé mhí tar éis fógra a fháil faoinár gcinneadh.
Cosnóidh iarratas le haghaidh athbhreithniú chuig an gCoimisinéir Faisnéise ar iarratas neamhphearsanta €50. Gearrtar táille laghdaithe €15 ar shealbhóirí cártaí leighis
Tá cinntí an Choimisinéara Faisnéise ceangailteach. Mar sin féin, is féidir leat achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí.
Féadfar achomhairc i scríbhinn a dhéanamh go díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Guthán: 01 6785222
Ríomhphost: info@oic.gov.ie
Téigh i dteagmháil lenár bhFoireann um Shaoráil Faisnéise
Address
Saoráil Faisnéise
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX