Cuardaigh

Nochtadh Cosanta

Faisnéis agus sonraí teagmhála a bhaineann le Nochtadh Cosanta.

Sainmhínítear Nochtadh Cosanta san Acht um Nochtadh Cosanta 2014 mar nochtadh faisnéise a léiríonn, i dtuairim réasúnta an oibrí, ceann amháin nó níos mó de 'mhí-ghníomhartha ábhartha', a tháinig faoi bhráid an oibrí i ndáil le fostaíocht an oibrí agus a nochtar ar an mbealach atá forordaithe san Acht um Nochtadh Cosanta 2014.

Tuairisciú Inmheánach ar Nochtadh Cosanta

Tugadh an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 isteach chun ligean d’oibrithe faisnéis a nochtadh faoi mhí-iompar san ionad oibre trína chinntiú go gcosnaítear oibrithe a labhraíonn amach ó phionós.  Foráladh leis an Acht freisin bealaí inmheánacha, seachtracha agus rialála chun nochtadh a dhéanamh.

Sa bhliain 2019, ghlac an tAontas Eorpach Treoir 2019/1937 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar Dhlí an Aontais agus bhí gá le leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana chun forálacha na Treorach a chur i bhfeidhm.  Bhí gá le reachtaíocht nuashonraithe freisin chun RGCS agus reachtaíocht leasaithe um Shaoráil Faisnéise a chur san áireamh.  Dá bhrí sin, síníodh an tAcht um Nochtadh Cosanta (Leasú) 2022 ina dhlí an 21 Iúil 2022.

Is é príomhchuspóir na reachtaíochta maidir le Nochtuithe Cosanta ná cultúr dearfach san ionad oibre a chur chun cinn agus a spreagadh, ina bhfuil luach ar imní a ardú maidir le mí-iompar féideartha agus ina ndéanann comhlachtaí poiblí gníomh cuí mar fhreagairt ar nochtuithe den sórt sin.

Go sonrach, is iad seo a leanas príomhchuspóirí na reachtaíochta:

  • Oibrithe a spreagadh chun ábhair imní réasúnta a ardú maidir le mí-iompar féideartha san ionad oibre ionas gur féidir aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin;
  • Chun tacú le timpeallacht oibre, a bhfuil an phríomhfhócas aici ar fhreagairt don "teachtaireacht" (i.e. an tuairisc ar mhí-iompar) seachas ar an "teachtaire" (i.e. an t-oibrí a dhéanann an tuairisc).
  • An ceanglas dlíthiúil a neartú nach ngearrfaidh comhlachtaí poiblí pionós ar oibrí a dhéanann nochtadh cosanta;
  • A chinntiú go ndéantar measúnú agus imscrúdú inniúil agus tráthúil ar thuairiscí ar mhí-iompar agus go dtabharfar freagairt iomchuí ina dhiaidh sin, más gá.

 

Tuairisciú Seachtrach ar Nochtadh Cosanta

Leagtar amach sna nósanna imeachta seo thíos an próiseas chun nochtadh cosanta a dhéanamh maidir le mí-iompar, mar a shainmhínítear sa reachtaíocht maidir le nochtuithe cosanta, don Phríomhfheidhmeannach, Comhairle Chontae na Gaillimhe mar dhuine forordaithe, trí úsáid a bhaint as bealaí tuairiscithe seachtracha.

 

Tuarascálacha Bliantúla um Nochtadh Cosanta

 

Teagmháil

Address

Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX

Phone numbers

Phone