Oibríonn an t-aonad Iniúchóireachta Inmheánaí de réir cairte scríofa. Tagann gach ceann de ghníomhaíochtaí na Comhairle faoi chúram an Iniúchta Inmheánaigh. Tá an t-aonad mar chuid de struchtúr rialachais chorparáidigh na Comhairle agus tuairiscíonn sé go hinmheánach don Phríomhfheidhmeannach agus don Choiste Iniúchóireachta araon.
Cuimsíonn raon feidhme na hiniúchóireachta inmheánaí scrúdú agus meastóireacht a dhéanamh ar leordhóthanacht agus éifeachtacht phróisis rialachais, bainistíochta riosca agus rialaithe inmheánaigh na Comhairle, ach níl sé teoranta dóibh sin amháin.
Tuairiscíonn an t-aonad Iniúchóireachta Inmheánaí a thorthaí, a mholtaí agus a dhul chun cinn don Choiste Iniúchóireachta, a dhéanann monatóireacht ar a fheidhmíocht agus a chinntíonn go gcuirtear moltaí iniúchóireachta i bhfeidhm.
Cuspóirí Iniúchta Inmheánaigh:
Is iad príomhchuspóirí an aonaid Iniúchóireachta Inmheánaí a fhreagrachtaí a chomhlíonadh trí scrúdú criticiúil agus oibiachtúil a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
- Iontaofacht agus sláine na rialuithe inmheánacha chun a chinntiú go ndéantar rioscaí a bhainistiú go héifeachtach agus go ndéantar cuntas ceart ar shócmhainní agus leasanna na Comhairle agus go gcosnaítear iad ó chaillteanais
- Iontaofacht na gcóras faisnéise bainistíochta, idir chórais láimhe agus chórais leictreonacha
- An méid comhlíontachta le cuspóirí, beartais, pleananna agus nósanna imeachta na Comhairle
- An méid comhlíontachta le reachtaíocht agus rialacháin sheachtracha
- Luach ar airgead a bhaint amach i ngach gníomhaíocht, trí úsáid eacnamaíoch, éifeachtúil agus éifeachtach acmhainní a mheasúnú
- Measúnú ar shaincheisteanna ábhartha a ardaíodh mar thoradh ar an bpróiseas iniúchóireachta seachtraí
Déan teagmháil leis an bhFoireann Iniúchta Inmheánaigh
Address
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh