Cuspóir TCI
Suiteáiltear na córais TCI seo mar bhearta praiticiúla chun cabhrú le Comhairle Chontae na Gaillimhe lena cúraimí a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail, lena bhfeabhsaítear slándáil agus sábháilteacht an phobail, chomh maith le coireacht a chosc agus a bhrath, agus ciontóirí a n-ionchúiseamh. Úsáideann Comhairle Chontae na Gaillimhe TCI chun na gcríoch seo a leanas:
- Daoine agus réadmhaoin atá lonnaithe ar áitreabh na Comhairle agus an ceantar máguaird a chosaint
- Sláinte agus Sábháilteacht fhoireann tosaigh Chomhairle Chontae na Gaillimhe a chinntiú e.g.
- A cumhachtaí forfheidhmithe dlí a fheidhmiú e.g. cionta faoi reachtaíocht bainistíochta bruscair agus dramhaíola a chosc, a n-imscrúdú agus a n-ionchúiseamh
- Ord poiblí agus sábháilteacht a dhaingniú in áiteanna poiblí trí chosc, brath agus ionchúiseamh cionta coiriúla a éascú e.g. scéimeanna TCI pobalbhunaithe
- Tacaíocht a thabhairt don Gharda Síochána chun coireacht a dhíspreagadh, a bhrath agus a ionchúiseamh.
Tá sonraí a fhaightear trí úsáid a bhaint as córais TCI teoranta agus i gcomhréir leis na críocha lenar bailíodh na sonraí.
Bunús dlí maidir le húsáid TCI ag Comhairle Chontae na Gaillimhe laistigh dá háitreabh
Is é seo a leanas bunús dlí na húsáide córas TCI ag Comhairle Chontae na Gaillimhe chun sonraí pearsanta a phróiseáil:
- Airteagal 6(1)(c) de RGCS. Tá an phróiseáil riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil Comhairle Contae an Chláir faoina réir a chomhlíonadh; e.g. Achtanna um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair agus/nó
- Airteagal 6(1) (e) de RGCS Tá gá le próiseáil chun tasc a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe do Chomhairle Contae an Chláir; e.g. Achtanna um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair agus an tAcht um Dhliteanas Áititheoirí, 2005 agus/nó
- Airteagal 6(1) (f) de RGCS. Tá an phróiseáil riachtanach chun críocha na leasanna dlisteanacha a bhfuil Comhairle Contae an Chláir ag tabhairt fúthu, e.g. chun a réadmhaoin, a sócmhainní agus a hearraí a chosaint agus sábháilteacht daoine a úsáideann a foirgnimh agus a timpeallacht a chinntiú.
Na catagóirí sonraí pearsanta lena mbaineann
Is iad seo a leanas na sonraí pearsanta a phróiseálann córais TCI Chomhairle Chontae na Gaillimhe laistigh dár n-áitreabh féin:
- Íomhánna de dhaoine aonair agus íomhánna de ghníomhaíochtaí a dhéanann daoine aonair;
- Íomhánna d’uimhirphlátaí feithiclí.
Próiseáil agus faighteoirí na sonraí
Tá rochtain ar phíosaí scannánaíochta TCI teoranta do líon beag phearsanra údaraithe na Comhairle, atá teoranta do chórais laistigh dá réimsí seirbhíse féin. Ní mór aon rochtain ar phíosaí scannánaíochta taifeadta a cheadú go foirmiúil gach uair.
Ó am go ham, agus nuair is gá chun oibleagáidí dlíthiúla nó rialála a chomhlíonadh, féadfaidh an Chomhairle sonraí pearsanta a ghabhtar le córais TCI ar a háitreabh a roinnt le heagraíochtaí eile, i gcúinsí an-teoranta a cheadaítear faoin dlí. D’fhéadfadh na faighteoirí seo a leanas a bheith san áireamh
- An Garda Síochána, Árachais IPB (soláthraí árachais Chomhairle Chontae na Gaillimhe) agus ionadaithe dlíthiúla a d’fhéadfadh an Chomhairle a fhostú, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta.
- I gcásanna áirithe, fostaíonn an Chomhairle soláthraithe seirbhíse tríú páirtí (próiseálaithe sonraí) chun an córas TCI a shuiteáil, a chothabháil, a dheisiú, a sheirbhísiú nó chun monatóireacht a dhéanamh air.
- Déanfar gach iarratas ar rochtain ar phíosaí scannánaíochta TCI a phróiseáil i gcomhréir leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018 agus le RGCS agus le beartais agus nósanna imeachta na Comhairle maidir le TCI agus iarratais ar rochtain sonraí.
Taifeadtaí TCI a choinneáil
Ní choinneofar sonraí a taifeadadh ar chórais TCI ar feadh tréimhse níos faide ná mar a mheastar a bheith riachtanach de réir Airteagal 5(e) de RGCS.
- De ghnáth, ní choinneoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe sonraí a taifeadadh ar gach córas TCI mar atá san áireamh i mbeartas TCI Chomhairle Chontae na Gaillimhe, níos faide ná uasmhéid 15 lá.
- Féadfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe, áfach, sonraí a taifeadadh ar chórais TCI a choinneáil thar uasmhéid 15 lá, in imthosca ina bhfuil na sonraí ag teastáil le haghaidh cuspóirí fianaiseacha agus/nó imeachtaí dlí.
- Is le Comhairle Chontae na Gaillimhe na híomhánna go léir.
Beartas TCI
Baineann an beartas seo le trealamh ceamara faireachais (TCI), taifeadadh físe agus fuaime araon, agus le bailiú, le húsáid, le stóráil agus le diúscairt sonraí a thaifead Comhairle Chontae na Gaillimhe le córas TCI. Cuimsítear leis sin córais TCI laistigh d’áitreabh na Comhairle, ionaid fág anseo, carrchlóis, céanna, monarchana, conláiste cathartha agus suíomhanna faoi úinéireacht Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus áirítear leis úsáid Ceamaraí Aitheantais Uimhirphlátaí.
Is féidir an doiciméad beartais a fheiceáil trí chliceáil ar na naisc atá le fáil i "nDoiciméid Ghaolmhara"
Táimid tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus iad a láimhseáil go freagrach. Má tá aon imní ort faoin gcaoi a bhfuil do shonraí á n-úsáid, molaimid duit teagmháil a dhéanamh linn.
Conas Imní a Ardú
Téigh i dteagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag úsáid na sonraí thíos. Éistfimid le d’ábhar imní agus déanfaimid iarracht í a réiteach go tapa agus go cothrom. Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra, is féidir leat do ghearán a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
21 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28
1800 437 737 / 01 765 0100
info@dataprotection.ie
Déan teagmháil leis an Oifig um Chosaint Sonraí
Address
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX