Cuardaigh

Pointí Nasctha Leathanbhanda

<p>Tá Pointí Nasctha Leathanbhanda (PNL) lárnach i straitéis "Ár dTodhchaí Tuaithe" na hÉireann agus aidhm acu nascacht dhigiteach i gceantair thuaithe a fheabhsú. Tá 21 PNL i gcontae na Gaillimhe, 4 acu siúd ar na hoileáin. Tá ról suntasach ag PNL i gcur chun cinn chuimsithe sóisialta lena ndeimhnítear go bhfuil an rochtain chéanna ar sheirbhísí digiteacha ag pobail tuaithe agus ceantair uirbeacha.</p>

Cuireann Pointí Nasctha Leathanbhanda (PNLanna) baill the WIFI seachtracha saor in aisce ar fáil don phobal agus soláthraíonn siad seirbhísí eile don phobal amhail spásanna cianoibre, spásanna le haghaidh staidéir, oiliúint ar scileanna digiteacha, na healaíona agus cultúr, gníomhaíochtaí pobail agus spásanna sóisialta.

Roghnaíodh na PNLanna bunaithe ar a suíomhanna tíreolaíocha agus iad uile i gceantair nach bhfuil seirbhísí leathanbhanda ardluais iontu. Is suíomhanna inrochtana don phobal iad suite in ionaid phobail, leabharlanna, hallaí paróiste, agus clubanna spóirt. Go náisiúnta, tá os cionn 300 PNL i bhfeidhm

  • Cá háit a bhféadfainn teacht ar Phointe Nasctha Leathanbhanda (PNL) i gContae na Gaillimhe?

                 Léarscáil le haghaidh suíomhanna PNL i gContae na Gaillimhe

Fanfaidh an tionscnamh PNL i bhfeidhm go dtí go rollfar leathanbhanda snáithín amach i gceantair thuaithe agus é faoi réir thacaíocht na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.  

Seo a leanas rogha grianghraf ó Phointí Nasctha Leathanbhanda (PNLanna), rud a thugann léargas amhairc ar an tionscnamh:

                  Pointí Nasctha Leathanbhanda:

 

                  Oileán Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
 


External photo of the BCP on Inish Oírr


 


Remote working facility on Inis Oírr

                        Leacach, Co. na Gaillimhe


BCP at Lackagh Co. Galway

 


Remote working facility Lackagh BCP

                        Cluain Bheirn, Co. na Gaillimhe


Clonberne Enterprise Centre & BCP

 


Remote working facility Clonberne BCP

                       Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe


Milltown BCP

                     Béal Átha Glúinín, Co. na Gaillimhe


Old Railway Station Ballyglunin


Ballyglunin Remote Working Facility

   

 

Téigh i dTeagmháil lenár nOifigeach Leathanbhanda

Uaireanta Oifige Luan go hAoine

Address

Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
Co. Galway
h91h6kx

Phone numbers

Phone