Maoiníonn an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil costas ceannach an aláraim agus maoinítear na costais eile go háitiúil.
Ní féidir a dóthain béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le brathadóir deataigh atá ag obair a bheith suiteáilte. Is féidir formhór na mbásanna de dheasca dóiteáin tí a chosc má shuiteáiltear aláram deataigh atá ag obair. Ar an meán, faigheann breis is 30 duine bás i ndóiteáin go náisiúnta gach bliain. Léiríonn staitisticí nach bhfuil aláram deataigh atá ag obair suiteáilte i 20% de theaghlaigh. Is féidir le haláraim deataigh beatha a shábháil!
Faoin Scéim, sainaithníonn Údaráis Áitiúla, le cúnamh ón earnáil dheonach, teaghlaigh leochaileacha, lena n-áirítear daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, nach bhfuil aláraim deataigh suiteáilte iontu. Déanann an t-údarás áitiúil socruithe chun dhá aláram deataigh neamhspleácha deich mbliana a sholáthar agus a shuiteáil.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe ag fireservices@galwaycoco.ie