Is é príomhchomhlacht cinnteoireachta an PPN ná an seisiún Iomlán (i.e. gach ballghrúpa neamhspleách) ar chóir dóibh teacht le chéile dhá uair ar a laghad sa bhliain chun athbhreithniú a dhéanamh ar obair an PPN agus an clár oibre a shocrú don tréimhse atá ag teacht. Tá an Rúnaíocht thofa freagrach as an PPN a riar idir cruinnithe Iomlána. Cuireann Fothacair de chuid an PPN amhail Grúpaí Nascachta eolas ar fáil don phróiseas. Bealach nua oibre is ea é seo atá difriúil ó struchtúr traidisiúnta ordlathach agus gan amhras atá dúshlánach. Mar sin féin, tá an-chuid fianaise ann ón tír ar fad go bhfuil ag éirí go breá leis.

Cé sinne
Bunaíodh Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chontae na Gaillimhe chun cur ar chumas daoine agus grúpaí pobail i gContae na Gaillimhe cluas éisteachta a fháil i dtaca le ceisteanna a dhéanann imní dóibh. Is struchtúir nua iad na Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí (PPNanna) seo le haghaidh teagmháil agus rannpháirtíocht phobail i ngach limistéar Údaráis Áitiúil.
Is é an PPN an mheicníocht lena nascann an tÚdarás Áitiúil agus lena ndéanann sé teagmháil leis an earnáil phobail trí chéile, agus is é sin an guth ionadaíoch atá ag na hearnálacha pobail agus deonacha, ionchuimsithe shóisialta agus comhshaoil.
Is é príomhról PPN ná líonra a chruthú a thugann gach grúpa pobail agus deonach, grúpaí ionchuimsithe shóisialta, agus grúpaí a bhfuil suim acu sa chomhshaol, le chéile. Roinntear faisnéis agus is féidir le daoine obair le chéile ar ábhair beartas.
Cabhraíonn an PPN le grúpaí ionadaithe a ainmniú do bhoird agus coistí ceaptha beartas údarás áitiúil, lena n-áirítear an Coiste um Forbairt Pobail Áitiúil, (LCDC), agus na Coistí um Beartas Straitéiseach (SPCanna). Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe, Sábháilteacht Pobail etc.
Eolaire bhaill PPN
Cliceáil ar an nasc thíos le do thoil chun an bunachar sonraí ina bhfuil gach eagraíocht ghníomhach phobail, agus dheonach agus chomhshaoil i gceantar Chontae na Gaillimhe le feiceáil.
An méid a dhéanaimid
- Ionadaithe pobail, comhshaoil agus ionchuimsithe shóisialta a thoghadh ar choistí údaráis áitiúil agus choistí agus gníomhaireachtaí ceaptha beartais eile.
- Fís a chruthú maidir le folláine na glúine seo agus na nglúine amach anseo agus obair ina treo.
- Caidrimh straitéiseacha agus chomhoibritheacha a fhorbairt le cinnteoirí.
- Ceisteanna atá mar ábhar buartha i gcoitinne a aimsiú agus obair chun tionchar a imirt ar bheartas ar an leibhéal áitiúil i dtaca leis na ceisteanna seo.
- Cur ar chumas ball dul i mbun comhairliúcháin phoiblí agus iad a spreagadh.
- Feidhmiú mar mhol faisnéise agus faisnéis a scaipeadh atá ábhartha do ghrúpaí pobail
Cé ar féidir leo a bheith mar chuid den PPN
Sainítear sna treoirlínte náisiúnta cé na cineálacha grúpaí ar féidir leo clárú mar struchtúr PPN mar seo a leanas:
- Comhshaol – Eagraíochtaí arb iad a bpríomhfhreagrachtaí ná cosaint comhshaoil agus/nó inbhuanaitheacht comhshaoil.
- Ionchuimsiú Sóisialta – Eagraíochtaí a ndírítear lena gcuid gníomhaíochtaí ar ionchuimsiú sóisialta, ceartas sóisialta, agus/nó comhionannas. Mar shampla, eagraíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu tacú le daoine faoi mhíchumas, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn, daoine scothaosta, mná, daoine óga agus daoine eile atá buailte le bochtaineacht.
- Eagraíocht Pobail agus Dheonach– Bíonn eagraíocht ar bith nach ionann a bpríomhghníomhaíochtaí agus na cinn atá liostaithe thuas sa chatagóir seo.
Nuair a chláraíonn grúpa tá sé mar chuid de Struchtúr PPN Contae. Tá clárú an-éasca. Comhlánaigh an Fhoirm Chlárúcháin ar an leathanach baile le do thoil. Níl aon táille air seo. Faigheann grúpaí cláraithe tuairiscí chun dáta rialta, faisnéis maidir le deiseanna fostaíochta agus baineann siad tairbhe as a ngníomhaíochtaí pobail féin a fhógairt.
Cláraigh do ghrúpa leis an PPN
Tuilleadh faisnéise faoi PPN Chontae na Gaillimhe
Ár struchtúr
Seisiún Iomlán
Is é an seisiún Iomlán (gach balleagraíocht le chéile) príomhchinnteoir an PPN, a thagann le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad. Is é an ról atá acu ná oibriú an PPN a stiúradh, beartas agus próisis iomlána an PPN a shocrú. Ba chóir cinntí a dhéantar idir cruinnithe Iomlána, lena n-áirítear toghadh ionadaithe, a chur i láthair an chruinnithe dár gcionn lena ndaingniú. Tá vóta amháin ag gach ballghrúpa neamhspleách sa seisiún Iomlán. Is fóram an-oiriúnach iad cruinnithe iomlána do bhallghrúpaí chun teacht le chéile agus líonrú a dhéanamh agus chun cloisteáil faoi ábhair a bhfuil suim acu iontu. Tá sé de chúram ar an seisiún Iomlán freisin ráiteas folláine a fhorbairt don ghlúin seo agus do ghlúine amach anseo sa cheantar. Tagann an seisiún Iomlán le chéile i mí na Bealtaine agus mí na Samhna de ghnáth.
Rúnaíocht
Toghann baill an PNN Rúnaíocht an PNN, le go mbeidh sin ionadaíoch ar na ceantair gheografacha éagsúla agus ar na trí théama. Comhlacht riaracháin amháin is ea é, atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí laethúla an PPN.
"Grúpa stiúrtha" ar a bhfuil 11 ball is ea Rúnaíocht an PPN a dhéanann maoirseacht ar oibríochtaí an PPN agus a fheidhmíonn mar mheicníocht riaracháin agus cumarsáide do PPN Chontae na Gaillimhe. Thogh baill an PPN 11 ball do Rúnaíocht an PPN agus reáchtáil siad a gcéad chruinniú i mí Eanáir 2015.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, tabhair cuairt ar leathanach Rúnaíocht an PPN ar ár suíomh gréasáin.
Rialachas
Is baill den PPN iad Ionadaí an PPN a thoghtar chun ionadaíocht a dhéanamh do shaincheisteanna bhaill an PPN ar Bhord nó ar Choiste ar leith. Ní dhéanann ionadaí PPN ionadaíocht don ghrúpa a bhfuil siad ina mball de, ach ionadaíocht don PPN agus tá siad faoi threoir ag a ngrúpa nascachta. Foghlaim tuilleadh faoi ionadaithe an PPN anseo.
Tá obair PPN chontae na Gaillimhe leagtha amach sa Phlean Oibre, a dhréachtaíonn an Rúnaíocht agus a aontaíodh sa Seisiún Iomlán.
Reáchtálann Comhairle Chontae na Gaillimhe PPN Chontae na Gaillimhe, agus tá an comhaontú reáchtála seo leagtha amach i gComhaontú Seirbhíse bliantúil. Aontaíonn an PPN agus GCC oibriú le chéile, maoirseacht ar bhuiséid san áireamh. Tá an caidreamh seo leagtha amach sa Mheabhrán Tuisceana, in éineacht le Buiséad PPN.
Feicfidh tú an nasc do Rialachas, beartais agus ciorcláin thíos:
Déan teagmháil le foireann PPN
Claire (oibrí Acmhainní PPN) - 091 509012 nó 087 3919009 | Silvana (Oibrí Tacaíochta PPN) 091 378 922
Address
Rannóg PPN
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Centrepoint, An Chéad Urlár
Páirc Ghnó Lios Bán
Cathair na Gaillimhe
H91 PY8H