Cuardaigh

Glao Oscailte Oíche Chultúir

Tá an Glao Oscailte Oíche Chultúir 2026 oscailte. Spriochdháta Déardaoin 28 Bealtaine ag 4in.

Beidh Oíche Chultúir ar siúl Dé hAoine 18 Meán Fómhair 2026, 4in – 12rn.

Tugann Comhairle Chontae na Gaillimhe cuireadh do dhaoine aonair, do ghrúgaí agus d’eagraíochtaí iarratais a cur isteach ar mhaoiniú le haghaidh imeachtaí saor in aisce a bheidh ar siúl i gContae na Gaillimhe.

Is féidir le lucht eagraithe imeachtaí iarratas a dhéanamh chun íoc as táillí ealaíontóirí agus as costais léiriúcháin le haghaidh imeachtaí pearsanta. Is é an ranníocaíocht íosta atá ar fáil ná €250 agus is é an t-uasmhéid ná €800. Beidh aon iarratais mhaoinithe os cionn €800 neamh-incháilithe.

Tabharfar tús áite d’áiteanna agus d’eagraithe imeachtaí nach bhfuil maoiniú Oíche Chultúir faighte acu roimhe seo.

An spriocdháta le haghaidh iarratas ná Déardaoin 28 Bealtaine 2026 ag 4i.n.

Má tá aon cheist agat faoi d’iarratas a chur isteach, déan teagmháil le culturenight@galwaycoco.ie

Cliceáil anseo le haghaidh an fhoirm iarratais agus tuilleadh eolais