Gach bliain i mí an Mheithimh, tacaíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe le tionscadail chruthaitheacha saor in aisce do dhaoine óga i ngach cearn den chontae. In 2025, thacaigh muid le 59 tionscadal, a raibh 52% díobh ionchorpraithe nó go hiomlán trí mheán na Gaeilge.
Beidh Cruinniú na nÓg ar siúl i mbliana ar an Satharn 6 Meitheamh, 2026.
Is é aidhm Chruinniú na nÓg cinntiú de go mbeidh an rochtain agus na deiseanna céanna ag gach gasúr sa tír a gcuid cruthaitheachta a fhiosrú agus a bheith páirteach sna healaíona.
Le 2 bliain anuas fuair muid maoiniú breise chun cláir a rith ar na hOileáin Árann. D'fhás sé sin go mór ón am ar thosaigh sé in 2024 agus tarraingíodh aird na meán go mór air agus gnéchlár ar Cúla4 i 2025.
Tá an Glao Oscailte Chruinniú na nÓg ag glacadh le hiarratais anois go dtí 4pm Dé Céadaoin 25 Feabhra.
Féach an doiciméad treoirlínte thíos.
Déan iarratas tríd an bhfoirm thíos a chomhlánú agus filleadh ar creativeireland@galwaycoco.ie faoi 4pm Dé Céadaoin an 25 Feabhra.