Tá áthas ar Áras Éanna agus Oifig Ealaíon Comhairle Chontae na Gaillimhe glaoch oscailte a fhógairt d’ealaíontóirí Chontae na Gaillimhe cur isteach ar chónaitheacht do mhí Mheán Fómhair 2026.
Is é Áras Éanna an t-ionad ealaíon is faide siar san Eoraip, lonnaithe ar oileán beag Gaeltachta Inis Oírr, i gContae na Gaillimhe. Tacaíonn an t-ionad le healaíontóirí trína chlár Ealaíontóirí Cónaithe. Cuirimid an t-am agus an spás ar fáil d’ealaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt agus saothar nua a thaispeáint i dtimpeallacht uathúil an oileáin seo, a bhfuil daonra faoi bhun 300 duine.
Is í Comhairle Chontae na Gaillimhe an phríomhghníomhaireacht a bhíonn i mbun forbartha ar na healaíona go háitiúil i gContae na Gaillimhe. Tá an Oifig Ealaíon tiomanta do thacú le healaíontóirí lena ngairm bheatha agus lena bhforbairt. Maoinímid deiseanna cónaitheachta mar seo ionas gur féidir le healaíontóirí am a chaitheamh le smaoineamh, le taighde a dhéanamh nó le saothar a dhéanamh.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Tá an chónaitheacht oscailte d’ealaíontóirí gairmiúla atá ina gcónaí i gContae na Gaillimhe ag gach céim dá ngairm, ag obair i nDearadh Ailtireachta, Sorcas, Damhsa, Scannán, Litríocht, Ceol, Ceoldráma, Ealaíona sráide agus spéaclaí, Ealaíona Traidisiúnta nó Ealaíona Amhairc.
Cé nach féidir iarratas a dhéanamh?
Ní féidir le healaíontóirí atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe, ealaíontóirí atá i mbun oideachais lánaimseartha agus ealaíontóirí a bronnadh an chónaitheacht seo orthu roimhe seo iarratas a dhéanamh.
Cad atá san áireamh sa chónaitheacht?
Lóistín, bád farantóireachta fillte, spás stiúideo, áiseanna amharclainne agus gailearaithe agus táille ealaíontóra €2,000.
Cathain a bheidh an chónaitheacht?
Dé Máirt 08 Meán Fómhair – Dé hAoine 02 Deireadh Fómhair 2026.
Conas a dhéanaim iarratas?
Comhlánaigh d’fhoirm iarratais anseo ar Submit leis na nithe seo a leanas:
- Togra gairid ar a bhfuil súil agat a oibriú air le linn na cónaitheachta
- Do C.V.
- Samplaí oibre (Jpeg/nascanna/MP3’s srl.) agus aon cháipéisíocht tacaíochta ábhartha eile.
Cliceáil anseo chun iarratas a dhéanamh: submit.link/4MK
Dáta deiridh d’iarratais: 4:00 i.n. Déardaoin 30 Aibreán 2026.